Ealaín na Róimhe
Is éard atá i gceist le healaín na Róimhe ná an dual is tábhachtaí i dtraidisiún ealaíne an Domhain ársa thiar, agus stair na n-ealaíon san iarthar ó shin. Tharla athbheochan uirthi arís is arís eile ón luath-Mheánaois suas go dtí an 18ú céad.
Bunaithe go daingean ar an oidhreacht ealaíonta Ghréagach, sa phéintéireacht is an dealbhóireacht go háirithe. Ní mhaireann cuid mhaith dealbh clasaiceach Gréagach ach mar chóipeanna Rómhánacha. Ach bhí na dealbhóirí Rómhánacha iontach bunúil sa phortráidíocht lena gcuid bustaí is rilífí (mar shampla, ar cholún Tráiain is na háirsí caithréime), agus bhain caighdeáin amach nach ndearnadh arís go dtí an 18ú céad, b'fhéidir. Ní mhaireann mórán péintéireachta, ach bhíodh eachtraí ó Hóiméar agus radhairc tíre ó Óivid ar mhúrmhaisithe i dtithe Rómhánacha.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ealaín na Róimhe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 234.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin ealaín é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |