Ealaíona comhraic na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá roinnt ealaíona comhraic traidisiúnta ó dhúchas in Éirinn.[1] I measc na stíleanna traidisiúnta tá dornálaíocht, coraíocht, speachóireacht, agus bataireacht (troid bataí).

Dornálaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Charlie Mitchell ag léiriú seasamh traidisiúnta na dornálaíochta dorn-nochta.

Uaireanta léirítear an seasamh a d'úsáidtí sa dornálaíocht thraidisiúnta Éireannach, cineál dornálaíochta dorn-nochta, i gcaracatúir Éireannacha ar nós Leipreachán Notre Dame[Lua ag teastáil] Fanann an lámh chun tosaigh níos faide ón gcorp ná mar a fhanann sa dornálaíocht nua-aimseartha. [Lua ag teastáil] Fanann gualainn na láimhe chun tosaigh daingean in aghaidh an ghéill agus déantar an lámh eile a choinneáil buailte go docht leis an gcorp, agus úsáidtear an dorn chun an giall a chosaint. Ní bhíodh miotóga dornálaíochta á gcaitheamh. Ina áit sin, d'úsáidtí an lámh chun tosaigh chun an t-ionsaí a bhí ag teacht a bhac agus sheastaí ar leataobh agus ghlactaí céim siar chun uillinn a chruthú nó dhéantaí an chabhail a luascadh nó a bhogadh i dtreo an chéile comhraic.

Craoladh clár faisnéise Prime Time maidir leis an Lucht Siúil agus a n-oidhreacht dornálaíochta dorn-nochta ar Raidió Teilifís Éireann. [Lua ag teastáil]

Coraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a leagan féin de choraíocht ag Éirinn. Coraíocht an t-ainm a thugtar ar stíl chúlchoinneála a chleachtaítear in Éirinn. Is féidir coraíocht a chleachtadh le seaicéad nó a leithéid ach níl éadaí de dhíth. Tá raon leathan de ghluaiseachtaí agus d'éalaithe ann.

I measc na laochra Éireannacha suntasacha tá Danno O’Mahony as Contae Chorcaí (iar-churadh an domhain), Steve Casey as Contae Chiarraí (iar-churadh an domhain), agus Con O’Kelly, a bhí san iomaíocht don Bhreatain i gCluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1908. I measc na n-iomarscálaithe Gael-Mheiriceánacha tá John McMahon. [Lua ag teastáil]

Bataireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baineann Bataireacht, téarma a thagraíonn do throid bataí, le húsáid sail éille agus maidí troda eile. Ní bhíodh na maidí a d'úsáidtí le haghaidh na Bataireachta caighdeánaithe, mar go mbíodh stíleanna éagsúla Bataireachta ann. Géaga crainn nó bataí siúil a bhíodh i gceist go minic.

Faoin 18ú haois, bhíodh dronganna Éireannacha ag casadh lena cheile le troideanna a bheith acu, cleachtas ar a dtugtar faicseanaíocht. Bhíodh grúpaí móra daoine páirteach sna troideanna faicseanaíochta ag aontaí móra, póstaí, sochraidí nó cruinnithe eile, ag Domhnach Broc mar shampla. [Lua ag teastáil] Tá sé maíte ag roinnt staraithe, mar atá luaite ag James S. Donnelly Jr. (1983) in "Irish Peasants: Violence & Political Unrest, 1780") go raibh gné aicmeach agus pholaitiúil ag baint leis an bhfaicseanaíocht.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. martial art”. téarma.ie – Dictionary of Irish Terms. Foras na Gaeilge and Dublin City University. Dáta rochtana: 18 Nov 2016.

Tuilleadh léitheoireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Carleton, Uilliam. Traits and Stories of Irish Peasantry (Cúig imleabhar, a foilsíodh idir 1833 agus c. 1853)
    • Donnelly, Ned (1879). "Self-Defense; Or, The Art of Boxing". Peck & Snyder. 
    • Miller, Ben (2017). "Irish Swordsmanship: Fencing and Dueling in Eighteenth Century Ireland". 
    • Walker, Donald (1840). "Defensive Exercises". 
    • Cullen, Q. (2016). "Gaelic Martial Arts". Amazon Digital Services. 

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teimpléad:GaelsTeimpléad:Martial arts