Faicseanaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Faoin 18ú haois, bhíodh dronganna Éireannacha ag casadh lena cheile le troideanna a bheith acu, cleachtas ar a dtugtar faicseanaíocht. Bhíodh grúpaí móra daoine páirteach sna troideanna faicseanaíochta ag aontaí móra, póstaí, sochraidí nó cruinnithe eile, ag Domhnach Broc mar shampla. [Lua ag teastáil] Tá sé maíte ag roinnt staraithe, mar atá luaite ag James S. Donnelly Jr. (1983) in "Irish Peasants: Violence & Political Unrest, 1780") go raibh gné aicmeach agus pholaitiúil ag baint leis an bhfaicseanaíocht.

Deirtear go bhfuair an duine deireanach bás i dtroid faicseanaíochta i gCeapach na bhFaoiteach i dTiobraid Árann sa bhliain 1887. Fear darb ainm dó Mullally ‘Russian’ Buckley - leasainm a tugadh air de bharr a airde agus a mhéid.

Troideanna a bhíodh iontu ar fud na tíre - go háirithe ar lá aonaigh nó ar lá pátrúin. Bhíodh na troideanna fíochmhara seo - idir buíonta ó cheantair éagsúla - bunaithe ar bhonn masla deimhnithe nó mhasla a ceapadh a bheith ann. Throid na faicsin mar go raibh dúil phaiseanta acu sa trodaíocht. Bhíodh ainmneacha mar na Caravats, Shanavests, Guag Boys, Reaskawallaghs agus Bogboys and Tubbers ann.

Ní raibh sé ceadaithe ag trodaí ar bith bean a bualadh; cé gur ionsaigh na mná na trodaithe go fíochmhar. Úsáideadh bataí sna troideanna - bhíodh éagsúlacht ag baint leo - cuid acu le luaidhe sáite isteach iontu.

Bhíodh an Eaglais Caitliceach go mór in aghaidh na dtroideanna agus cháineadh go láidir iad ón altóir - gan éifeacht ar feadh na mblianta. Maítear gur pléadh an fhadhb thall sa Róimh uair amháin.

Ar dheireadh thiar thall, tar éis na heachtra i gCeapach na bhFaoiteach, cuireadh deireadh leis agus tháinig an Cumann Lúthchleas Gael i réim. Maítear go raibh baint mhór ag an gCumann sin agus críoch na troda faicseanaíochta.

Athléirithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna nóchaidí, cinneadh ar throid faicseanaíochta a athléirú - mar chuid de Fhéile Chumann Lúthchleas Gael i gCeapach na bhFaoiteach. Scríobhadh script agus bhí thart ar chaoga aisteoir páirteach ann. Rinneadh taighde ar an bhfeisteas agus na huirlisí a bhain leis an tréimhse sin. Tá leabhar clúiteach “The Irish Faction Fighters of the 19th century“ a scríobh Patrick O’Donnell, agus tháinig sé go Ceapach na bhFaoiteach cúpla uair, mar aoi speisialta ag an deireadh seachtaine. Rinneadh athléiriú ar an troid agus an cás cúirte a tharla ina dhiaidh na heachtra - cás cáiliúil inar thug an breitheamh an breithiúnas “nárbh chuí go bhfreastalódh fear le blaosc tanaí ar an aonach i gCeapach na bhFaoiteach!” Saoradh an fear a cúisíodh de bharr an ‘Russian’ Buckley a dhúnmharú.

Taispeánadh an dráma gach bliain ag an bhFéile le haghaidh ceithre bliana (1993-6) - agus rinneadh dráma bolscaireachta gearr ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath. Léiríodh an dráma in áiteanna éagsúla chomh maith - an ceann ba mhó i Staid Yonkers i Nua-Eabhrac. Thaistil níos mó ná caoga duine ó Cheapach na bhFaoiteach go dtí na Stáit Aontaithe - mar chuid den deireadh seachtaine “Lá ar an bPortach 1995" - agus caitheadh ocht lá thall. Bhí go leor suime thall san ócáid le drámaí agus taispeántais Ghaelacha eile ar siúl - baint móna, faire (tórramh), crú na mba, cur fataí, déanamh arán baile agus araile. Rinne RTÉ scannánaíocht ar chuid bheag den dráma le haghaidh an chláir Nationwide agus tá sé ar fáil i gcartlann RTÉ.

Manaí gaisce nó focail faire[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Gheobhaimid díoltas. Cuimhnigh ar Mhaolalaidh!
  • Seanchoirce

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]