Jump to content

Ealaín na Biosáinte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Hagia Sophia

Ealaín a bhláthaigh san Impireacht Bhiosántach. Bhí ealaín na Biosáinte dírithe ar théamaí diaga thar aon rud eile. Maidir leis an ailtireacht, ba í olleaglais Shóifia, a tógadh sa séú céad, sárshaothar na stíle seo, le leagan amach aiseach na baislice Rómhánaí agus cruinneachán ollmhór uirthi. Níos déanaí, toghadh leagan amach na croise Gréagaí do na heaglaisí, le ceithre ghéag chomhionann agus cruinneachán beag ar dhruma ard. Maisíodh na heaglaisí le hinleagadh marmair, daite go sómasach, fuinneoga le gloine dhaite, agus mósáicí agus múrmhaisithe ar théamaí ón mBíobla agus an tApacrafa.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Hussey, Matt (2011). "Ealaín na Biosáinte". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 232.