Cruinneachán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cruinneachán

San ailtireacht, aon díon cuartha ar fhoirgneamh le plean ciorclach. Tugtar cobar air freisin. I gcruinneachán clasaiceach na hAthbheochana, bíonn leathsféar rud beag biorach, cosúil le Baisleac Pheadair sa Róimh. I measc na gcruthanna eile, tá an mhias níos leata atá ar an bPainteon sa Róimh, agus an t-oinniún bolgach ar Ardeaglais Mharcais sa Veinéis. Cuimsíonn an téarma an t-iomlán le chéile, an chuid shorcóireach faoi bhun an chruinneacháin (an druma) is an laindéar os a chionn féin san áireamh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cruinneachán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 188.