Eagaratón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Ba é an t-eagaratón 72 horas con Rodin i gCathair Mheicsiceo an ceann is faide riamh, atá aitheanta de réir Churiarrachtaí Domhanda Guinness.
Lucht freastail ag an t-eagaratón 2013 Women in the Arts in Washington, DC
An t-eagaratón i São Paulo, an Bhrasaíl, dírithe ar chruthú agus fheabhas a chur ar ailt san Vicipéid a bhaineann le feimineachas, cearta na mban agus mná suntasacha

Is éard is eagaratón ann ná imeacht eagraithe ina gcuireann eagarthóirí na bpobal ar líne, mar shampla an VicipéidOpenStreetMap, agus LocalWiki,  eagar agus feabhas ar ábhar ar leith nó cineál ábhar, de ghnáth lena n-áirítear bunoiliúint d'eagarthóirí nua. Is minic a bhíonn  cruinnithe le chéile i gceist, ach is féidir do na toscairí a bheith scaipthe thar limistéar mór chomh maith. Portmanta is ea an téarma de "eagar" agus "maratón".

Bhí eagartóin na Vicipéide ar siúl ag ceanncheathrú Chaibidil Wikimedia, atá creidiúnaithe ag institiúidí oideachais lena n-áirítear Sonoma State University, Arizona State University, Middlebury College,[1] An University of Victoria i gCeanada; chomh maith le institiúidí cultúrtha , mar shampla músaeim , nó cartlanna. Sna himeachtaí bíonn a leithéid d'ábhair agus láithreáin oidhreachta cultúrtha, bailiúcháin iarsmalainne, stair na mban, ealaín, feimineachas, dealú idir na hinscní na Vicipéide a laghdú, saincheisteanna na gceart sóisialach, agus ábhair eile.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Feminists Strengthen Wikipedia's Content About Women". Dáta rochtana: 28 November 2018.