Eachtra an Mhadra Mhaoil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scéal de chuid Scéalaíocht rí Artúir is ea Eachtra an Mhadra Mhaoil.[1] Faightear freisin Eachtra Mhacaoimh an Iolair sa scéalaíocht úd.

Stair an téacs[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobhadh an lámhscríbhinn ag scríobhaithe éagsúla le linn na 18ú haoise. Le fianaise na teangan, ámh, is féidir a rá go dtéann an scéal siar go dtí an 15ú/16ú haois.

Tá tionchar le feiceáil ann de nós Artúir na hÍsiltír, mar shampla an focal Balbhuaidh le haghaidh Gawain, atá níos gaire do Walewijn as Ísiltírise ná Gawaine as Fraincis, agus an fhocail ridire ('Ritter'). Thosaigh teagmháil mhíleata agus síochánach idir Éirinn agus Flóndras sa bhliain 1167, nuair a tháinig Gallóglaigh Normannacha agus de chuid Fhlóndras go hÉirinn.

In ainneoin suíomh eachtrannach an scéil, is léir gur cuid de shean-nós miotaseolaíocht na hÉireann é an scéal seo. Ní hionann is seanscéalta Artúraíochta, feictear draíocht agus geasa ann. Ní fhágtar san Eachtra ach lua don rí faoin teideal 'Rí an Domhain'.

Ábhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Ridire an Lóchrainn, draoi, chuig ritheach Artúir, an Halla Dearg, agus thosaigh sé ansin i mbun agallamh doirseoira, de réir an sean-nóis (féach Pa ŵr yw’r porthor?, Cá bhfuil an doirseoir?“). D'iarr sé ansin ar na ridirí eile an chun comhraic, rud a ghlac Balbhuaidh (Gawain) ar an dtoirt. Ar tóir a chéile comhraic, bhuail Balbhuaidh le Máirín agus eireaball agus cluasa giortaithe aige, a chuaigh leis sa tseilg. Is é an madra úd go deimhin Alastrann Iongantach (iontach), rí rí na hIndia, a bhí curtha faoi draíocht agus cithréim fágtha air ag a leasdeartháir. Agus cá a bhí ann dá leasdeartháir ach Ridire an Lóchrainn, agus iad ar a thóir.

Cosúil le hImmram, vvv an seilg ó oileán go hoileán, agus der Ritter der Laterne a bhuí lena chumais draíochta, rachadh an Ridire i bhfolach faoi bhrat ceo (féth fíada). Thaistil siad chomh fada is an Éigipt agus an India, ach i ndeireadh na dála, cuireadh iachall ar an draoi Alastrann a athrú ar ais chuig a riocht álainn féin.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]