EIRSAT-1

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisEIRSAT-1

Cineál miseanCubeSat (en) Aistrigh
Airíonna árthaigh
MonaróirArianespace Cuir in eagar ar Wikidata
Tús an mhisin
Feithicil lainseáilVega C (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Is tionscadal spás Éireannach é an Educational Irish Research Satellite 1EIRSAT-1.[1] Beidh EIRSAT-1 an chéad satailít Éireannach. Tá an tionscadal á fhorbairt ag Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus Ollscoil na Banríona, Béal Feirste faoi láthair.

Tugadh cead don satailít ón Gníomhaireacht Spáis na hEorpa, i mí Bhealtaine 2017, mar chuid den chlár 'Fly Your Satellite!'. Chomh maith le Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, tá na comhlachtaí Éireannacha ENBIO agus SensL ag cabhrú leis an satailít.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugadh cead don mionsatailít céim a bhogadh i dtreo lainseáil ó athbhreithniú dearadh.

Aidhmeanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad aidhmeanna an tionscadail ná:

  • Forbairt a dhéanamh ar an saineolas san ardoideachas i spás, eolaíocht agus innealtóireacht.
  • Dul i ngleic le heaspa scileanna san earnáil spáis.
  • An chéad ghlúin na mic léinn eile a spreagadh i dtreo staidéir ar an eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic (STEM).

Lainseáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé pleanáilte faoi láthair chun an satailít a bheith lainseáilte i2022.[2] Tá sé mar aidhm chun an satailít a bheith i bhfithis an Domhain ar feadh sé mhí go bliain amháin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "EIRSAT-1 | Ireland's first satellite" (en). eirsat1. Dáta rochtana: 2020-09-12.
  2. "The first-ever Irish-made satellite could be orbiting the planet next year" (en). www.www.thejournal.ie. Dáta rochtana: 2020-08-21.