Dúnmharuithe Charraig Ceasail agus Bhéal Feirste (1993)
Cineál | lámhach dúnmharú |
---|---|
Dáta na bliana | 25 Márta 1993 |
Suíomh | Carraig Ceasail, Northern Ireland |
Rannpháirtí | |
Líon básanna | 4 |
Líon gortaithe | 1 |
Dhúnmharaigh an UFF/UDA[1] seisear Caitliceach i dTuaisceart Éireann ar an 24/25 Márta 1993. Bliain fhuilteach ba ea 1993 i dTuaisceart Éireann, an bhliain "cion sa chion" agus foréigean ainrianta agus seicteach (Warrington, Buamáil na Seanchille, Sléacht Rising Sun, i nGlas-stiall)
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dúnmharaíodh ceathrar i gCarraig Ceasail,[2] Contae Dhoire ar an 25 Márta 1993ː
- James Kelly (25), James McKenna (52), Gerard Dalrymple (58), Noel O'Kane (20). Tógálaithe ab ea iad.
- Damian Walsh (17) sa Dairy Farm Shopping Centre i mBéal Feirste sa tráthnóna.
- Peter Gallagher (44) sa Westlink Enterprise Centre[3] i mBéal Feirste an lá roimhe sin.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1991, dúnmharaíodh Eddie Fullerton. Trí na piléir a mharaigh an tUasal Fullerton a scrúdú, bhí an RUC in ann a rá gur úsáid an UDA/UFF an gunna céanna chun an ceathrar a mharú i gCarraig Ceasail i 1993.[4]
Tharla Buamáil Warrington ar an 20 Márta ach seans nach raibh nasc ar bith ann idir an eachtra sin agus Carraig Ceasail.
Rinneadh ciapadh ar na tógálaithe go minic. Dúradh go raibh fear amháin, James Kelly, san IRA. Bhí líomhaintí ann maidir le claonpháirteachas idir na póilíní agus na paraimíleataigh agus na dúnmharfóirí i gCarraig Ceasail.[5]
In 1993 i dTuaisceart Éireann, mharaigh Cumann Cosanta Uladh ní ba mhó sibhialtaigh ná na Poblachtánaigh.. D'fhógair an IRA sos cogaidh in 1994.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Buamáil Warrington, 1993
- Buamáil na Seanchille, 1993
- Sléacht Rising Sun, i nGlas-stiall
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Cumann Cosanta Uladh
- ↑ "Carraig Ceasail/Castlerock" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-26.
- ↑ Westlink-Enterprise (2021). "Westlink Enterprise" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2021-03-26.
- ↑ Dónall Ó Maolfabhail (2006). "Cé a mharaigh Donaldson?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-03-26.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (13 Feabhra 2022). "Brón agus fearg faoi chlaonpháirteachas córasach san RUC" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-25.