Eddie Fullerton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEddie Fullerton
Beathaisnéis
Breith9 Feabhra 1935
Bás25 Bealtaine 1991
56 bliana d'aois
Bun Cranncha, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaSinn Féin Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Edward "Eddie" Fullerton (1935 – 25 Bealtaine 1991) an chéad Chomhairleoir Contae de Shinn Féin a toghadh ar Chomhairle Contae Dhún na nGall sa bhliain 1979. Dhúnmharaíodh é ag a theach cónaithe i mBun Crannacha, ar an 25ú Bealtaine 1991.[1]

Dúnmharú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag ceathrú tar éis a dó ar maidin, bhris beirt fhear an doras isteach ar theach cónaithe Fullerton. De réir thuarascáil an phaiteolaí stáit, cuireadh sé philéar san uasal Fullerton, sa chloigeann, sa mhuineál, ina lámh dheis, ina cholainn, agus ina cholpa clé. Thabharfadh seo le fios go raibh deis ag Fullerton iarracht a dhéanamh é féin a chosaint sular maraíodh é.

Ulster Freedom Fighters'

Mhaígh an 'Ulster Freedom Fighters' (UFF) ag an am gurbh iad a bhí freagrach as an dúnmharú.[2]

Constáblacht Ríoga Uladh (RUC)

Fiosrúchán[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Meitheamh 2003 bhronn aturnae mhuintir Fullerton comhad ar an Aire McDowell ina raibh fianaise úr ó fhinné nua, fianaise ní hamháin a chaith amhras ar iompar na nGardaí,[3] ach fianaise a thacaigh leo siúd a chreid go raibh claonpháirteachas i gceist i ndúnmharú an Uasail Fullerton.[4]

Trí na piléir a mharaigh Fullerton a scrúdú, bhí an RUC in ann a rá gur úsáid an UFF an gunna céanna chun ceathrar a mharú i gCarraig Ceasail i 1993. Ach i gclár teilifíse ar TG4 sa bhliain 2005, cuireadh fianaise chun tosaigh a léirigh gur éalaigh na dúnmharfóirí a mharaigh Fullerton i ngluaisteán neamh-mharcáilte de chuid an RUC. Thabharfadh seo le fios, deirtear,[5] go raibh lámh ag baill de na seirbhísí slándála i marú an Uasail Fullerton.

Sa bhliain 2017, bhí fiosrúchán poiblí neamhspleách a lorg fós ag teaghlach Fullerton faoina bhás.[6][7]

Eolas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2023, sheoladh an leabhar dar teideal "Councillor Eddie Fullerton, Visionary, Patriot, Martyr".[8]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Who was behind the murder of Eddie Fullerton? | An Phoblacht". www.anphoblacht.com. Dáta rochtana: 2020-05-26.
  2. "The killing of Eddie Fullerton: Many unanswered questions | An Phoblacht". www.anphoblacht.com. Dáta rochtana: 2023-06-01.
  3. Henry McDonald (2003-04-20). "The double agent who helped run terror cell" (en-GB). The Observer. Dáta rochtana: 2020-05-26.
  4. "Go leor ceisteanna gan freagairt fós i gcás dhúnmharú Fullerton" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-05-26.
  5. "Cé a mharaigh Donaldson?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-05-26.
  6. "Nuacht an Tuaiscirt: Sliabh a Liag" (ga). RTÉ Raidió na Gaeltachta (2017-05-26). Dáta rochtana: 2020-05-26.
  7. "Faisnéis faoi choireanna dílseoirí ceilte – de thuaiplis nó d’aon turas?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-05-26.
  8. RnaG (2023-05-25). "Nuacht an Tuaiscirt: 25 Bealtaine" (as ga-IE).