Dún Chonchúir
Cuma
Dún Chonchúir | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Lios | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Ceathrú an Teampaill, Éire | |||
Suíomh | Inis Meáin | |||
| ||||
ID logainm | 1397890 | |||
Is é Dún Chonchúir[1] an ceann is feiceálaí de na caisil chiorclacha nó ubhchruthacha in Oileáin Árann: an caiseal cloiche is mó d'aon cheann eile dá leithéid sna hoileáin. Tá sé suite ar an bpointe is airde d'Inis Meáin. Ciorcal ollmhór atá i gceist, agus ballaí cloiche an-tiubha ag éirí ar chúl a chéile. Ina mhéid, ina dheilbh agus ina dhéanamh is cosúil é leis na dúnta móra in Inis Mór. Tá radharc leathan le feiceáil ó bharr na mballaí seo. Tógadh an dún sa Chré-umhaois nó san Iarannaois.
Nuair a chonaic Seán Ó Donnabháin an dún i 1839, bhí drochbhail ar na bealaí isteach agus ar na chocháin laistigh. Athchóiríodh iad agus atógadh cuid díobh tuairim 1880.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Dún Chonchúir/Doonconor | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2024-04-13.