Dún Aonghasa
![]() | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Suíomh seandálaíochta agus dún rinne | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae na Gaillimhe, Éire | |||
| ||||
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann | ||||
Aitheantóir | 43 | |||
Séadchomhartha stairiúil is ea Dún Aonghasa in Inis Mór. Is suíomh tábhachtach seandálaíochta é, agus bíonn an-tóir ag turasóirí air.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ní fios cathain go díreach a tógadh Dún Aonghasa i dtús báire, cé go gcreidtear anois go raibh an chuid is mó de na struchtúir ann chomh fada siar leis an gCré-Umhaois agus leis an Iarannaois.[1] An tuairim a bhí ag an scoláire Tomás Ó Rathile ná gurb iad na Builg a thóg Dún Aonghasa le linn an dara haois.[2] Fuarthas amach ó thochailtí seandálaíochta ar an suíomh gur tosaíodh an tógáil thart ar 1100 RC, nuair a carnadh spallaí ar chlocha móra seasta chun an chéad bhalla a chruthú. Creidtear gur tógadh na ballaí cosanta ar an taobh thiar den Dún thart ar 500 RC.[3]
Inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]
Atógadh ballaí Dhún Aonghusa sa 20ú haois agus tá siúláin, seomraí, agus staighrí iontu anois. Is furasta na ballaí nua a aithint toisc gur baineadh úsáid as moirtéal san athchóiriú.
Tá iarsmalann bheag i ngar do Dhún Aonghasa ina bhfuil taispeántais ar stair an Dúin.
Suímh chóngaracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá suímh réamhstairiúla eile in Inis Mór atá cosúil le Dún Aonghasa: Dún Dúchathair, Dún Eoghanachta, agus Dún Eochla ina measc, chomh maith le Dún Chonchúir atá suite ar Inis Meáin.
Gailearaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ New Oxford History of Ireland
- ↑ O'Rahilly, T. F. (1984). "Early Irish History and Mythology". Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-04-11. Dáta rochtana: 2021-04-13.