Dungáinis
Is í an Dungáinis (Dungáinis: Хуэйзў йүян) an chanúint Sínise a labhraíonn na Dungánaigh, mionlach eitneach sa Chirgeastáin agus sa Chasacstáin. Moslamaigh iad na Dungánaigh, agus baint acu leis an dream eitneach ar a dtugtar Hui nó Huihui (回回) sa tSín féin. Is ionann a dteanga go bunúsach agus an cineál Sínise a labhraitear i gcúigí Gansu agus Shaanxi sa tSín, ach is fearr a rá gur teanga ar leith í, ós rud é go bhfuil caighdeán dá gcuid féin acu nach n-úsáideann na litreacha Síneacha ar aon nós. A mhalairt ar fad tá scríbhneoireacht na Dungáinise bunaithe ar an aibítir Choireallach, agus is í an chanúint áitiúil, seachas caighdeán Beijing, is bunús do norm na Dungáinise. Is léir go bhfuair an Dungáinis a lán focail iasachta ón Rúisis agus ó na teangacha Tuircice.
Tá traidisiún scríbhneoireachta ag na Dungánaigh, agus ba é Yasyr Shyvazy (Ясыр Шывазы) an file náisiúnta. Rugadh sa bhliain 1906 é, agus fuair sé bás sa bhliain 1988.
Tá an teanga ó dhúchas ag daichead míle duine, a bheag nó a mhór.