An Dungáinis
| Cineál | teanga nádúrtha, teanga bheo agus varieties of Chinese (en) |
|---|---|
| Úsáid | |
| Cainteoirí dúchais | 41,400 (2001) |
| Dúchasach do | Chuy Region (en) |
| Stáit | an Chasacstáin agus an Chirgeastáin |
| Aicmiú teangeolaíoch | |
| teanga dhaonna teangacha Sín-Astrainéiseacha teangacha Sín-Tibéadacha an tSínis an Mhandairínis Central Plains Mandarin (en) | |
| Tréithe | |
| Córas scríbhneoireachta | Aibítir Choireallach |
| Leibhéal leochaileachta | 3 cinnte i mbaol |
| Cóid | |
| ISO 639-3 | dng |
| Glottolog | dung1253 |
| Ethnologue | dng |
| UNESCO | 1670 |
| IETF | dng |
| Endangered languages | 4096 |
Is í an Dungáinis (Dungáinis: Хуэйзў йүян) an chanúint Sínise a labhraíonn na Dungánaigh, mionlach eitneach sa Chirgeastáin agus sa Chasacstáin. Moslamaigh iad na Dungánaigh, agus baint acu leis an dream eitneach ar a dtugtar Hui nó Huihui (回回) sa tSín féin. Is ionann a dteanga go bunúsach agus an cineál Sínise a labhraitear i gcúigí Gansu agus Shaanxi sa tSín, ach is fearr a rá gur teanga ar leith í, ós rud é go bhfuil caighdeán dá gcuid féin acu nach n-úsáideann na litreacha Síneacha ar aon nós. A mhalairt ar fad tá scríbhneoireacht na Dungáinise bunaithe ar an aibítir Choireallach, agus is í an chanúint áitiúil, seachas caighdeán Beijing, is bunús do norm na Dungáinise. Is léir go bhfuair an Dungáinis a lán focail iasachta ón Rúisis agus ó na teangacha Tuircice.
Tá traidisiún scríbhneoireachta ag na Dungánaigh, agus ba é Yasyr Shyvazy (Ясыр Шывазы) an file náisiúnta. Rugadh sa bhliain 1906 é, agus fuair sé bás sa bhliain 1988.
Tá an teanga ó dhúchas ag daichead míle duine, a bheag nó a mhór.