Driad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Teimpléad:Bosca Sonraí Créatúr miotasach

Is éard is driad ann ná (Sean-Gheigis:Δρυάς,Druas) nimfeach choillsióg choille i miotaseolaíocht na Gréige. Ciallaíonn Druas "dair" i nGréigis, agus go sonrach is nimfeacha na gcrann darach iad, ach úsáidtear an téarma anois le haghaidh nimfeach na gcrann i gcoitinne, [1]hibridí de dhuine agus chrann i ndomhan na samhlaíochta. De ghnáth, measadh gur créatúir an-chúthaile iad ach amháin os comhair an bhandé Artaimís, arbh eol dí a bheith ina cara don chuid is mó de na nimfeacha.

Cineálacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Daifní[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba iad seo nimfeacha na gcrann labhrais.

Epimelidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí na Maliaidí, Meliaidí nó Epimelidí ina nimfeacha na gcrann úll agus na gcrann torthaí eile agus ina gcosantóirí caorach. Ciallaíonn an focal Gréigise melas - as a dtagann a hainm — úll agus caora araon. Measadh gur chineál driaide iad na Heispirídí, caomhnóirí na n-úll órga.

Hamaidriad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí driada, cosúil le gach sort nimfeach, go hosnádúrthaf adchónaitheach agus ceangailte lena dtithe, ach bhí cuid acu céim níos faide ná an chuid is mó de na nimfeacha. Ba iad seo na hamaidriada a bhí ina gcuid lárnach dá gcrainn, mar sin má fuair an crann bás, fuair an hamaidriada bás chomh maith. Ar na cúiseanna sin, ghear na driada agus déithe na nGréagacha pionós ar aon duine a rinne dochar ar chrainn gan leorghníomh a ofráil don na nimfeacha coille. (a bhain le crainn darach)

Meliaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Driad a thugtaí ar na ndriada ón Áise Thoir Theas. Bhí deirfiúracha na gcrann fuinseoige i bhfeighil an linbh Séas i bpluais Créataigh de chuid Ria. Saolaíodh Meliaigh do Gáia tar éis di a bheith toirchithe ag fuil Úránas coillte. Ba nimfí iad na hEpimelidí a bhain le crainn úlla, agus bhain na Cairiaitidí le crainn ghallchnó.[1]

Ainmneacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad seo a leanas cuid de na driada nó na hamaidriada aonair:

I gcultúr na ndaoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Driad agus Torc allta dealbhóireacht le Bromsgrove Guild

Luaitear na driada i 'Paradise Lost' le Milton, i saothair Choleridge, agus in úrscéal Thackeray, The Virginians.[8] Tugann Keats "light-winged Dryad of the trees", ar an fhiliméala. I bhfilíocht Dhonald Davidson léiríonn siad téamaí an traidisiúin agus tábhacht an ama atá thart go dtí an lá atá inniu ann.[9] Úsáideann an file Sylvia Plath iad mar shiombail an dúlra ina cuid filíochta i "On the Difficulty of Conjuring up a Dryad", agus "On the Plethora of Dryads".[10] Tá driad san séal "Dear Dryad" (1924) le Oliver Onions a théann i gcion ar lánúineacha rómánsúla ar fud na staire.[11]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Graves, ch. 86.2; p. 289
  2. Bibliotheca 2. 1. 5
  3. Lycophron, 480
  4. Ovid, Metamorphoses 9.330 ff
  5. Antoninus Liberalis, Metamorphoses 32
  6. Pausanias, “Cur síos ar an nGréig”, 8. 4. 2
  7. [Pausanias]], Cur síos ar an nGréig 10. 32. 9
  8. Teimpléad:Cite encyclopedia
  9. Martha E. Cook (1979). "Dryads and Flappers". The Southern Literary Journal 12 (1): 18–26. University of North Carolina Press. 
  10. Britzolakis, Christina (2000). "Sylvia Plath and the theatre of mourning": 85–86. Oxford University Press. 
  11. Norman Donaldson, "Oliver Onions", in E.F. Bleiler, ed. Supernatural Fiction Writers. New York: Scribner's, 1985. pp.505-512. ISBN 0684178087

Leabharliosta