Drólainníteas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Athlasadh na stéige móire (an drólann) a chuireann tús le buinneach, pianta boilg is rith fola. Is féidir go dtarlóidh sé mar thoradh ar ionfhabhtú le miocrorgánaigh, próisis uathimdhíonacha (drólainníteas othrasaithe is galar Crohn), nó soláthar easnamhach fola (drólainníteas ioscaemach). Cuireann drólainníteas othrasaithe isteach ar dhaoine óga fásta. Éiríonn líneáil na drólainne is an reictim othrasaithe, agus is féidir go bpollfar í is go bhfaighidh duine peireatóiníteas. Tarlaíonn drólainníteas ioscaemach do sheandaoine den chuid is mó, mar thoradh ar thrombóis sna hartairí a sholáthraíonn an phutóg.