Donald Johanson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Donald Johanson

Pailé-antrapeolaí a rugadh i Chicago is ea Donald Carl Johanson (r. 28 Meitheamh 1943). Agus é i mbun tochailtí antraipeolaíocha in Afar san Aetóip i 1972-1977, tháinig sé ar iontaisí homainidí, 3-4 mhilliún bliain d'aois, atá fíorthábhachtach do réamhstair an chine dhaonna. Ina measc bhí Lucy, sampla baineann atá leathiomlán, agus fuílligh de ghrúpa 13 indibhid eile.