Diagnóis réamhbheireatais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Measúnú ar shláinte is folláine féatais, agus mínormáltachtaí a bhrath. Chomh maith le scrúdú cliniciúil, is gnáth anois íomháú ultrafhuaime a úsáid, mar is simplí sábháilte í chun aois an tréimhse iompair a thomhas réasúnta cruinn, iltoircheas a fheiceáil, agus mínormáltachtaí cosúil le spina bifida a bhrath. In aimniceintéis agus sampláil villeas cóiríneach, tógtar bithóipse d'fhuil an fhéatais is an phlacaint chun galair ghéiniteacha a dhiagnóisiú. Bíonn priacal don fhéatas sna próisis seo, agus ní dhéantar iad ach amháin in éigeandáil.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Diagnóis réamhbheireatais". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 208.