Aimniceintéis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Amniocentesis.png

Próiseas diagnóisithe a dhéantar ag seachtainí 14-18 den tréimhse iompair is ea Aimniceintéis.

Tarraingítear sampla beag den sreabhán aimníneach amach as an mbroinn le snáthaid a chuirtear isteach trí bhalla an bhoilg, de ghnáth faoi stiúir íomháú ultrafhuaime.

Bíonn an sreabhán aimníneach timpeall ar an bhféatas, agus cuimsíonn cealla ar féidir a anailísiú chun mínormáltachtaí comhbheirthe sa bhféatas, cosúil le siondróm Down is spina bifida, a bhrath.

Léiríonn an anailís gnéas an fhéatais agus gnéithe normálta an fháis freisin.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]