Deistrin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Deistrin

Siúcra coimpléascach, meascán de pholaiméirí glúcóis is ea an deistrin. Faightear í ó stáirse a bhristear síos le heinsímí nó téamh séimh. Úsáidtear deistriní mar oibreáin tiubhaithe i mbianna, agus greamacháin nó glónrú ar pháipéir is teicstílí. Ach is iad na feidhmeanna is mó a bhaintear astu bianna stáirsúla a dhéanamh níos blasta, agus an t-ualach osmóiseach ar an ngoile a laghdú i ndeochanna d'othair atá ag téarnamh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Deistrin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 206.