Deargadaoil i mBád fó Thoinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharDeargadaoil i mBád fó Thoinn
Cárta innéacs
ÚdarPádraic Breathnach Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánÉire, 2012 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Seánraficsean Cuir in eagar ar Wikidata

Meastar uaireanta gurb é Deargadaoil i mBád fó Thoinn an chéad úrscéal campais i nGaeilge. É breactha ag an údar Pádraic Breathnach, a chaith bunáite dhá scór bliain ag obair mar léachtóir i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach.

Meafar é an teideal do shaol conspóideach na hollscoile, an fhírinne shuimiúil seachas aoir.

Sampla cumasach den úrscéal campais, a thugann faobhar faoi na boic mhóra atá i gceannas ar na hinstitiúidí acadúla faoi láthair, faoin struchtúr cumhachta atá i bhfeidhm agus faoin gcleachtas áiféiseach atá á bhrú ar an aos léinn.

In agallamh físe le hAodh Ó Gallchóir, deir Pádraic Breathnach gur úrscéal campais é 'Deargadaoil i mBád fó Thoinn, sa mhéid a deir é "is go bhfuil sé lonnaithe i gcoláiste tríú leibhéil", ach nach bhfuil sé ag rá—ina fhocal féin arís — "gurb aon choláiste ar leith atá i gceist ann, ach cineál cumaisc de choláistí difriúla. Dhá bhrí sin, saol ollscoile atá i gceist ann, dháiríre, ach go bhfuil sé léirithe trí shúile bhall foirne seachas trí shúile mhic léinn....Sílim" deir Pádraic " gurb é seo an chéad úrscéal campais sa Ghaeilge, dháiríre. Tá siad le fáil i mBéarla, ach níl siad le fáil i nGaeilge." [1]

"Leabhar an-taitneamhach, scríofa ag an té a thuig córas áirithe agus ar féidir leis bunús an chórais áirithe sin a mhíniú i mbealach greannmhar agus mealltach."[2]

Sonraí eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Lth 86, Alt le Pádraig Ó Ciarbháin, sa leabhar Prós Paiteanta Aistí in Ómós do Phádraic Breathnach
  2. Cló Iar-Chonnacht Teo