Deargadaol
Ocypus olens | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Arthropoda |
Aicme | Insecta |
Ord | Coleoptera |
Fine | Staphylinidae |
Treibh | Staphylinini |
Géineas | Ocypus |
Speiceas | Ocypus olens O.F. Müller, 1764 |
Ciaróg mhór dhubh is ea an deargadaol[1] (Ocypus olens). An cholainn caol, 20-30 mm ar fhad. Cumhdach sciathán gearr, agus sciatháin chúil air. Táirgeann sé ceimiceán le boladh searbh nuair a thagann faoi bhagairt. Faightear i gcoillte é de ghnáth. Foghlach ar fheithidí, seilidí is péisteanna. Darbh-daol a thugtar uirthi i nGaeilge freisin.[2]
Ón Meánaoiseanna i leith, ceaptar go bhfuil baint ag an deargadaol leis an Diabhal.[3]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ ““Ocypus olens” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Foclóir Gaeilge – Béarla Ó Dónaill
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Deargadaol". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 203.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |