Davyth Fear

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDavyth Fear

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith17 Márta 1960
64 bliana d'aois
Briostó, England Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmnádúraí, teangeolaí Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínDonald Fear

Nádúraí, scoláire agus múinteoir ar scor, a bhfuil cónaí air sa Bhreatain Bheag, is ea Davyth Fear (rugadh David Frederick Fear ar 17 Márta 1960).[1] Rugadh i mBriostó é ach bhog sé go Manchain agus é ina leanbh óg; is é an duine is sine de cheathrar clainne é. Bhog a theaghlach nuair a bhí sé ina dhéagóir go Corn na Breataine, áit a raibh sé ina dhalta i gColáiste Lannstevan agus áit ar chuir sé spéis sna teangacha Ceilteacha agus sa chultúr.[2] Faoi 1982 bhí an fhoirm Choirnise dá ainm, Davyth, glactha aige agus chuaigh sé isteach sa Chonradh Ceilteach. Bhí sé ina Leas-Ard-Rúnaí ar an gConradh idir 1984 agus 1988, agus ina Ard-Rúnaí idir 1988 agus 1990.

Sa bhliain 1984, bhog sé go dtí an Bhreatain Bheag agus d'fhoghlaim sé an Bhreatnais. I 1986, shroich sé an babhta deireanach den chomórtas Foghlaimeoir na Bliana ag an Eisteddfod Náisiúnta in Abergwaun (Eisteddfod Genedlaethol Abergwaun).[3] Le linn 1986-1987, d'eagraigh sé an chéad taifead il-háirteach d'amhráin pop agus rac sna sé theanga Cheilteacha (Breatnais, Coirnis, Briotáinis, Gaeilge, Gaeilge na hAlban, agus Manainnis) faoin ainm 'Keltia Rok'. Eisithe ar lipéad Recordiau Sain i 1987 don Eisteddfod i bPorthmadog (Eisteddfod ym Mhorthmadog). Sa taifead bhí na chéad amhráin rac a eisíodh riamh i dteangacha na Coirnise agus na Manainnise.[4] Rinne an New Musical Express, iris cheoil Bhéarla, achoimre ar an taifead mar seo a leanas: “I ndeireadh na dála, is é an tábhacht a bhaineann leis an taifead go bhfuil na teangacha seo beo agus nach bhfuil siad i músaem.”[5] Dar leis an iris Welsh Music History, ba chéim mhór chun cinn é do chultúr an cheoil chomhaimseartha sna náisiúin Cheilteacha.[6] Tar éis dó cuairt a thabhairt ar an tSiombáib, bhunaigh sé grúpa oibre nádúraithe chun ainmneacha éan na hAfraice sa Bhreatnais a chaighdeánú. Ansin, chaighdeánaigh an grúpa ainmneacha éan na Eorpa ar an láithreán gréasáin Avionary. Chuidigh Davyth le liostaí éan a eagrú i gCoirnis, i Manainnis, i nGaeilge na hAlban agus sa Bhriotáinis.[7] Lean an grúpa ar aghaidh ag cruthú liosta ainmneacha éan ó gach cearn den domhan.[8] Tiontaíodh liosta éan an domhain trí algartam a d'fhorbair Ollscoil Bangor (Brifysgol Bangor) agus Wikimedia UK go beagnach 10,000 leathanach ar Vicipéid na Breatnaise.[9] Ba é toradh an tsaothair seo ar fad ná breis agus 17,000 grianghraf ó Wikimedia Commons a chur leis an bhfoclóir ‘Y Bywiadur’ (Ceann de thionscadail Cymdeithas Edward Llwyd ná Stair an Dúlra. Is suíomh idirlín Breatnaise é a bhaineann le gach rud sa chomhshaol, sa Bhreatain Bheag).

D’oibrigh Davyth mar mhúinteoir tíreolaíochta ar dtús i Scoil Eifionydd, Porthmadog, agus ansin i Scoil Uwchradd Bodedern, Ynys Môn. I measc na ndaltaí a mhúin sé bhí George North agus Gareth Wyn Williams. Le linn na tréimhse sin, scríobh sé roinnt alt do théacsleabhair agus d’irisí tíreolaíochta na Breatnaise,[10] agus threoraigh sé turais scoile go roinnt tíortha.[11]

Sa bhliain 2019, bhí Davyth le feiceáil sa chlár teilifíse Who Wants to Be a Millionaire? áit a raibh sé ar an 10ú iomaitheoir a bhuaigh £500,000. Ba shuntasach an chuma a bhí air as an úsáid a bhain sé as ‘Ask the audience' don cheist £500,000.[12] Ba é sin an dara huair ar an gclár ina chruth nua le Jeremy Clarkson gur thug duine aghaidh ar an gceist £1,000,000. I mí Mheán Fómhair 2020, ba é a dheartháir, Donald Fear, an séú duine a bhuaigh £1,000,000 ar an gclár céanna, agus an chéad duine a rinne amhlaidh gan a rópaí sábháilteachta go léir a úsáid.[13] In 2020 bhí Davyth le feiceáil ar an gclár tráth na gceist ‘Mastermind Cymru’ ag críochnú sa chúigiú háit, agus in 2022 ar an gclár ‘Eggheads’ lena dheartháir.[14] [15]

David Fear agus Donald Fear

Ó 1995 i leith tá sé ina rúnaí ar Chumann Réalteolaíochta Gwynedd (Cymdeithas Seryddol Gwynedd), ag cur os cionn 30 léacht i láthair dóibh thar na blianta.[16] Tá sé ina bhall freisin d’fhoireann galf cróice Llanfairfechan a imríonn i Sraith an Iarthuaiscirt [17] agus Club Ceamara Dyffryn Ogwen.[18]

Sa bhliain 2020, thosaigh sé ag foghlaim na Coirnise. Tá sé ina bhall de Phainéal Téarmaíochta na Teanga.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. [1]; millionaire.fandom.com; Dáta rochtana 6 Iúil 2020.
  2. Cyfweliad ar gyfer https://www.saysomethingin.com/welsh/advanced; Dáta rochtana 6 Gorffennag 2020.
  3. [2]; bbc.co.uk; Dáta rochtana 6 Iúil 2020.
  4. [3]; discogs.com; Dáta rochtana 6 Iúil 2020
  5. bibliotheque.idbe-bzh.org bibliotheque.idbe-bzh.org Curtha i gcartlann 2021-11-18 ar an Wayback Machine; Dáta rochtana 56 Iúil 2020
  6. journals.library.wales; Dáta rochtana 6 Iúil 2020.
  7. avionary.info; Dáta rochtana 6 Iúil 2020.
  8. termau.cymru
  9. Gwefan Wikimedia UK; blog gan Robin Llwyd ab Owain; 17 Samhain 2016; Dáta rochtana 6 Iúil 2020.
  10. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-07-11. Dáta rochtana: 2022-09-10.
  11. [4]
  12. [5]
  13. Who wants to be a millionaire: Teacher beats brother to win jackpot”. BBC Entertainments and Arts (11 Medi 2020). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 11 Medi 2020. Dáta rochtana: 12 Medi 2020.
  14. [6]
  15. https://www.shropshirestar.com/entertainment/telford-entertainment/2022/02/19/telford-quizzersled-by-who-wants-to-be-a-millionaire-brothers-take-on-the-eggheads/
  16. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-09-10. Dáta rochtana: 2022-09-10.
  17. [7]
  18. [8]