Jump to content

Dathdhaille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarDaille dath
cuir in eagar
Cineálvision disorder (en) Aistrigh, colour vision deficiency (en) Aistrigh, daille agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
EapainmJohn Dalton Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisoftailmeolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cliniciúil
ScrúduitheIshihara Test (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10H53.5 agus H53.50 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9368.5 agus 368.59 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
DiseasesDB2999 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus001002 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD003117 Cuir in eagar ar Wikidata
Orphanet98658 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0242225 agus C5681659 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:13399 Cuir in eagar ar Wikidata
Ailléil agus ‘dathdhaille[1]

Lagú amhairc nó lagú radhairc is ea dathdhaille. Baineann an riocht ní hamháin le daille ach le cineálacha eile míchumas radhairc, cuir i gcás drochradharc nó dathdhaille.[2]

Is tréith ghnéasnasctha í dathdhaille. I ndaoine, cuimsíonn na cóin líocha atá íogair do sholas dearg, solas glas, is solas gorm. Má bhíonn ceann ar bith de na líocha seo as láthair, bíonn dathdhaille ar an duine. Cuireann

  • deargdhaille (prótanóipe) isteach ar chumas duine dearg is glas a idirdhealú,
  • gormdhaille (deotranóipe) ar chumas idirdhealaithe idir gorm is buí, agus
  • glasdhaille (tríotanóipe) ar chumas an chuid ghlas de speictream a aireachtáil.

Tá an ghéin is cúis leis an dathdhaille cúlaitheach & suite ar an gcuid den X -chrómasóm nach bhfuil páirt chomhfhreagrach aici ar an Y-chrómasóm. Is féidir crosáil ghnéasnasctha a dhéanamh ar dhá shlí:

1. Mar seo→ XX, XY

2. Mar léaráid chrómasómach

Bíonn X-chrómasóm amháin sa bhfireannach, le Y-chrómasóm (XY) (an X ón máthair, an Y ón athair), agus 44 gnáthchrómasóm. Athruithe géine sa chrómasóm seo is bun le dathdhaille, a fhaightear mar oidhreacht tríd. Meastar go bhfuil dathdhaille dearg-uaine ag cur isteach ar 8% d’fhir agus idir 0.5% agus 1% de mhná.[3] Mar sin tá an riocht 20 oiread níos coitianta i measc na bhfear ná i measc na mban. Ní fhaigheann bean an éalang muna mbíonn dathdhaille ag a beirt tuismitheoirí.[4]

  • Baineann (XX): dhá AILLÉIL leis an tréith ghnéasnasctha - is féidir an ghéin chúlaitheach a fholú, ach is iompróir í m.sh. XHXh
  • Fireann (XY): le géin amháin leis an tréith ghnéasnasctha – ní féidir an ghéin a fholú agus is ailléil shingil san X-chrómasóm a rialaíonn tréithe áirithe.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 tairseachcogg.ie. "Crosáil Ghéiniteach". Dáta rochtana: 2024.
  2. Oifig Foilseachán - Publications Office of the EU. "Legal notices: Accessibility statement" (ga-IE). Maidir leis an Oifig Foilseachán. Dáta rochtana: 2024-07-27.
  3. dataprotection.ie (2020). "Tuarascáil an Choimisiúin um Chosaint Sonraí maidir le húsáid fianán agus teicneolaíochtaí rianúcháin eile". Dáta rochtana: 2024.
  4. Hussey, Matt (2011). "Dathamharc". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 200.