Y-chrómasóm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Y-chrómasóm

An dara gnéaschrómasóm i ndaoine agus mórchuid na mamach, i láthair i bhfireannaigh amháin. Tarlaíonn siad ina bpéire le X-chromasóm (XY) ansin, agus cinneann an fhireannacht. Faigheann an naíonán an Y-chrómasóm ón athair. I bhfad níos lú ná an X-chrómasóm, agus is beag a dhéanann sé i gcúrsaí oidhreachta. I bhfear as gach 3,000 tarlaíonn ainriocht gnéaschrómasóm ar leith ina mbíonn Y-chrómasóm breise sna cealla (XYY). Creidtear go mbíonn claonadh chun foréigin is feirge i bhfear seo an XYY, ach níl sé seo cinnte i ngach cás.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Y-chrómasóm". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 708.