Darach Mac Con Iomaire
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | c. 1977 47/48 bliana d'aois An Charraig Dhubh, Éire |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Gaillimhe |
| Áit chónaithe | An Charraig Dhubh Gaillimh |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | stiúrthóir scannán, aisteoir |
| Fostóir | An Taibhdhearc |
| Ball de | |
| Teangacha | An Ghaeilge |
| Teaghlach | |
| Athair | Liam Mac Con Iomaire |
| Siblín | Colm Mac Con Iomaire agus Nuala Nic Con Iomaire |
Is aisteoir, scríbhneoir agus stiúrthóir scannán Éireannach é Darach Mac Con Iomaire.
Scríobh agus stiúir sé ceithre chlár den tsraith Corp + Anam in 2011, agus scríobh sé eipeasóid de shraith theilifíse eile, Síol, a craoladh in 2010. Bhí páirt aige sa ghearrscannán Padraig agus Nadia in 2002, agus mar Harry Lyons in eipeasóid de chuid Ros na Rún in 1996. Is i nGaeilge amháin a oibríonn sé. Cé gur tógadh i mBaile Átha Cliath é, is as Conamara dá athair Liam Mac Con Iomaire, agus ba í Gaeilge an teanga a bhí aige ón gcliabhán. Chaitheadh an teaghlach laethanta saoire i gConamara freisin.[1]
Bhí Mac Con Iomaire ina stiúrthóir ealaíne ar an Taibhdhearc, amharclann náisiúnta na Gaeilge, agus bronnadh Gradam Walter Macken air.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Interview with Darach Mac Con Iomaire” (2016-06-07).