D. W. Griffith

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
D. W. Griffith
GriffithDW.jpg
Saol
Ainm iomlánDavid Llewelyn Wark Griffith
Eolas breitheLa Grange, Kentucky, 22 Eanáir 1875
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Teanga dhúchaisan Béarla
BásHollywood, 23 Iúil 1948
Áit adhlacthaKentucky
Cúis bháisbás nádúrtha (rith fola ceirbreach)
Muintir
Céile/CéilíLinda Arvidson  (1906 -  1936)
Oideachas
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmstiúrthóir scannán, aisteoir, léiritheoir scannáin, scríbhneoir scripte scannáin, eagarthóir scannán agus léiritheoir feidhmiúcháin
Áit oibreHollywood
Saothar iomráiteachThe Birth of a Nation
Intolerance (scannán)
Duaiseanna
IMDbnm0000428

Stiúrthóir scannán, scríbhneoir agus léiritheoir Meiriceánach ab ea David Wark Griffith (22 Eanáir 187523 Iúil 1948) a bhí ina cheannródaí ag cruthú teicnící scannánaíochta nua.[1] Maireann a chlú thar aon ní eile mar gheall ar an dá scannán úd leis The Birth of a Nation (1915) agus Intolerance (1916).[2] Bhain sé úsáid as modhanna scéalaíochta agus teicnící ceamara a bhí go mór chun tosaigh in The Birth of a Nation. Cuireadh fáilte chomh mór sin sna pictiúrlanna go raibh an scannán lánfhada in uachtar as sin amach. Chomh maith leis sin, chothaigh an scannán conspóid shuntasach ar siúl faoi chiníochas sna Stáit Aontaithe.[3][4] de bharr an íomhá de ghormaigh agus glóiriú an Ku Klux Klan a bhí le feiceáil sa scannán. Inniu, moltar teicnící radacacha an scannáin go díreach mar a cháintear a fhealsúnacht chiníoch.[1] Chuir an NAACP baghcat air agus chuaigh cúpla pictiúrlann ina gcíréib nuair a léiríodh é. Rinneadh cinsireacht air i roinnt cathracha, Nua-Eabhrac san áireamh. Rinne Grifffith Intolerance mar fhreagra ar an lochtú go léir.[1]

D'éirigh le roinnt scannán eile de chuid Griffith níos déanaí freisin, mar shampla Broken Blossoms (1919), Way Down East (1920) agus Orphans of the Storm (1921), ach ba bheag an brabús a bhí le baint astu mar gheall ar na hardchostais a bhain leo. Rinne Griffith isteach is amach le 500 scannán le linn a shaoil. Ba é The Struggle (1931) an ceann deireanach dá chuid.[2]

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Griffith i gContae Oldham, Kentucky, agus d'fhás sé aníos ansin agus in Louisville, Kentucky. Fuair a athair bás nuair a bhí D. W. 10 mbliana d'aois agus d'fhág sin an teaghlach beo bocht. Sa bhliain 1907, thug sé aghaidh ar Chathair Nua-Eabhrac. Rinne sé iarracht script scannáin a scríobh sé a dhíol le stiúrthóir. Dhiúltaigh an fear seo dó ach chuir sé Griffith i ról i scannán mar aisteoir.

Fuair Griffith bás in Hollywood, California. Tá sé curtha in Centerfield, i gContae Oldham, Kentucky.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 "D.W. Griffith". Encyclopædia Britannica.
  2. 2.0 2.1 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". The New York Times.
  3. "'The Birth of a Nation': When Hollywood Glorified the KKK | HistoryNet" (en-US).
  4. "The Birth of a Nation: a gripping masterpiece … and a stain on history" (en-GB).