Dúnmharuithe Mhám Trasna
Cineál | dúnmharú |
---|---|
Dáta na bliana | 17 Lúnasa 1882 |
Suíomh | Mám Trasna, Éire |
Tír | an Ríocht Aontaithe |
Tugtar Dúnmharuithe Mhám Trasna ar eachtra a tharla ar an 17 Lúnasa 1882 ina dúnmharaíodh fear darbh ainm Seán Seoighe agus ceathrar dá mhuintir i Mám Trasna, ceantar Gaeltachta i gContae Mhaigh Eo. Frítheadh ochtar ciontach as, agus daoradh pionóis an bháis ar thriúr dóibh. Glactar leis sa lá atá inniu ann go raibh duine amháin den triúr siúd a crochadh - Maolra Seoighe - neamhchiontach ar fad, ach déanadh neamhaird iomlán dá fhianaise ós rud é gur cainteoir Gaeilge a bhí ann agus ní raibh ach an Béarla ag lucht na cúirte.
Tá míchlú tabhaithe ag an gcás ó shin i leith mar gheall ar shárú chearta teanga Mhaolra Seoighe agus na cosantóirí eile.
Eachtraí an dhúnmharaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is ceantar iargúlta Gaeltachta é Mám Trasna, atá ar bhruach Loch Measca ar an teorainn idir Chontae na Gaillimhe agus Contae Mhaigh Eo. Ar an 17 Lúnasa 1882, rinne drong de fhir áitiúla ruathar fuilteach ar theach cónaithe Sheán Seoighe le gunnaí agus maidí. Maraíodh cúigear den teaghlach san iomlán - Séan féin, a bhean Bríd, a n-iníon Peigí agus Mairéad, máthair Sheáin.
Níor bhásaigh a mhac Micheál ar an toirt, ach d'éag sé san ospidéal an lá dár gcionn de bharr a ghortuithe. Níor tháinig ach duine amháin slán as an slad, an buachaill óg Patsy.
Níltear ar aon tuairim faoi spreagadh na bhfear. Maíonn teoiric amháin go raibh Seán Seoighe ina chisteoir ar cheann de na cumainn rúnda a bhí ag cur in aghaidh na Sasanach. Dearbhaítear go raibh sé ag goideadh airgid ó chistí an chumainn, agus thug na fir faoi chun díoltas a bhaint amach.
An cás cúirte
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gabhadh deichniúr san iomlán agus tugadh ós comhair na cúirte i mBaile Átha Cliath iad -
- Maolra Seoighe féin,
- beirt deartháireacha dá chuid (Martin agus Páidín),
- a nia Tom,
- triúr ó Cheapach na Creiche (Pat, Michael agus John Casey),
- Casey eile (Tom) ó Ghleann Sal agus
- Anthony Philbin ón gCeapach Dhubh.
Rud a chuir go mór le cás an stáit ná gur thug beirt de na fir fianaise in aghaidh na bhfear eile.
"Baineann croí an scéil le crochadh éagórach agus príosúnú saoil ar dhaoine neamhchiontacha bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí, agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle".[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Éagóir. Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna" (en-GB). Litríocht (2016-04-20). Dáta rochtana: 2019-08-17.[nasc briste go buan]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |