Dúnmharú Sarah Everard
| ||||
Cineál | fuadach dúnmharú foréigin in aghaidh na mban | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 3 Márta 2021 | |||
Suíomh | Clapham, England | |||
Tír | an Ríocht Aontaithe | |||
Íospartach | Sarah Everard | |||
Dúnmharaíodh Sarah Everard (a rugadh 30 Samhain 1989) ar 4 Márta 2021 i Kent, Sasana.[1][2] Fuadaíodh í ag Poynders Court Londain[3] agus trácht coisithe go leor ann.[4]
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chonacthas Sarah Everard den uair dheiridh ag siúl abhaile ó árasán chara léi i ndeisceart Londain ar 3 Márta 2021. Tachtaíodh í cúpla uair níos déanaí in aice le Dover.
Thángthas ar na taisí daonna i gceantar coille in Ashford, Kent ar 12 Márta. Bhí Everard ar iarraidh le 8 lá.
Tugadh póilín, Wayne Couzens, os comhair cúirte i Londain ar 13 Márta maidir le dúnmharú Everard.[5] Cúisíodh é as Everard a fhuadach agus a dhúnmharú. Gearradh príosúnacht saoil air níos déanaí.
Conspóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 13 Márta 2021, tharla achrann idir na póilíní agus daoine a bhí i láthair ag bigil neamhoifigiúil ag Clapham Common, Londain.[6] Theastaigh ón lucht eagraithe go gcuirfí an bhigil ar ceal mar gheall ar shrianta COVID-19, ach níor tharla sé sin.[7]
Bhí cáineadh géar déanta ar phóilín faoin mbealach ar laimhséail siad an cuimhneachán, a bhí eagraithe i gcuimhne ar Sarah Everard. Dúradh go raibh ar na póilíní gníomhú ar mhaithe le daoine a choinneáil slán sábháilte.
Cáineadh na póilíní i Londain go minic le linn 2021-2022 as an dóigh a caitheadh le mná, agus an cultúr nimhiúil san fhórsa maidir le gnéasachas agus ciníochas.[8] D'éirigh Cressida Dick, Coimisinéir na bPóilíní i Londain,[9] as a post i rith 2022.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ RTÉ (2021). "Morning Ireland: Why the disappearance of Sarah Everard resonated with so many women" (en). www.rte.ie. Dáta rochtana: 2022-07-02.
- ↑ Raidíó na Gaeltachta (2021). "Tús Áite: Sarah Everard" (ga). RTE Radio. Dáta rochtana: 2022-07-02.
- ↑ "Poynders Court · Oaklands Estate, London SW4 8NL, United Kingdom" (en). Poynders Court · Oaklands Estate, London SW4 8NL, United Kingdom. Dáta rochtana: 2022-07-02.
- ↑ Charlie Lawrence-Jones (2021-03-10). "'Just to think it could be anyone, walking home in South London'" (en). MyLondon. Dáta rochtana: 2022-07-02.
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-03-13). "Póilín sa chúirt maidin inniu maidir le dúnmharú Sarah Everard" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-03-14). "Cáineadh géar déanta ar phóilíní i Londain" (as ga).
- ↑ Misneach (2021). "Tá sé de cheart ag mná a bheith sábháilte; is cuma cá bhfuil siad agus is cuma cad é atá á dhéanamh acu." (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2022-07-02.
- ↑ Conradh na Gaeilge Londain. "Nuacht Mhall: 12 Feabhra 2022 (Tír Eoghain) on Apple Podcasts" (en-GB). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2022-07-02.
- ↑ "Commissioner of Police of the Metropolis" (as en) (2022-06-27). Wikipedia.