Dúnmharú Samuel Paty
| ||||
Cineál | ionsaí sceimhlitheoireachta ionsaí sáite dúnbhású | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | sceimhlitheoireacht Ioslamach sa Eoraip | |||
Dáta na bliana | 16 Deireadh Fómhair 2020 | |||
Suíomh | Conflans-Sainte-Honorine, An Fhrainc | |||
Tír | an Fhrainc | |||
Sprioc | Samuel Paty | |||
Íospartach | Samuel Paty terrorism victim (en) , íospartach dúnmharaithe, stabbing victim (en) | |||
Líon básanna | 1 | |||
Líon gortaithe | 0 | |||
Déantóir na coire | Abdullakh Anzorov (en) (jiohádach, dúnmharfóir) | |||
Arm | 1 cleaver (en) | |||
Haischlib | #Je-Suis-Prof agus #Je-Suis-Enseignant |
Dúnmharaíodh Samuel Paty, múinteoir scoile sa Fhrainc, ar an 16 Deireadh Fómhair 2020. Baineadh an ceann den mhúinteoir staire agus tíreolaíochta in ionsaí sceimhlitheoireachta, toisc gur labhair sé faoi ionsaí Charlie Hebdo (2015) sa seomra ranga.[1]
Fuath seicteach, go príomha, a bhí taobh thiar den ionsaí. Cáineadh go forleathan an choir, de bhrí gur bunchloch dár náisiúin agus dár sibhialtacht í an tsaoirse cainte sa seomra ranga.
Dúnmharú
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'ionsaigh déagóir, Abdoullakh Anzorov (18), Paty. Tháinig muintir Anzorov as an Rúis, de shliocht Seisniach. Aithníodh mar dhídeanaithe iad. Lonnaigh siad sa Fhrainc sa bhliain 2004.
Cúpla lá roimh an eachtra, d'fhógair Paty go mbeadh sé ag labhairt faoi Charlie Hebdo, na cartúin agus na heachtraí sceimhlitheoireachta Ioslamacha sa Fhrainc sa bhliain 2015, le linn an rang OSSP.[2] Bhí cead ag na Moslamaigh sa rang fanacht amach dá mba mhian leo.
Thosaigh cúpla tuismitheoir feachtas, ag spreagadh fuatha ar na meáin shóisialta.
Cúpla lá níos déanaí, chuala Anzorov, ógchiontóir ag an am, faoi bhfeachtas in aghaidh Paty. Bhí sé ina chónaí 80km (in Evreux) ó scoil Paty (Conflans Sainte Honorine). Ach chabhraigh a chairde leis chun scian Moro 10cm,[3] scian 35cm, agus aerphiostal a cheannach, agus thiomáin siad Anzorov chuig an scoil.
Chabhraigh daltaí sa scoil an múinteoir a aithint nuair a tháinig sé amach ón scoil tráthnóna Aoine. D'ionsaigh Anzorov Paty ar an tsráid. Ag béiceadh amach "Allahu Akbar" (an Takbir), bhain sé na putóga as Paty. Ansin bhain Anzorov an cloigeann de, agus chaith sé é ar an gcosán. Ansin chuir sé grianghraif suas ar Twitter.
Tháinig na póilíní agus thosaigh troid; lámhachadh go marfach Anzorov.
Cóir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2024, gearradh téarma príosúin 13-15 bliana ar chairde Anzorov, tuismitheoir agus iomám.[4][5] Gearradh pianbhreith ar fionraí ar dhaltaí áirithe sa rang.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN maidir le comhar AE le heagraíochtaí a bhaineann leis an mbunúsaíochas Ioslamach" (ga). www.europarl.europa.eu. Dáta rochtana: 2021-10-16.
- ↑ Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil
- ↑ "Mora knife" (as en) (2024-12-14). Wikipedia.
- ↑ "France's anti-terrorism court convicts 8 people of involvement in the 2020 beheading of teacher Samuel Paty" (en) (2024-12-20). Dáta rochtana: 2025-01-07.
- ↑ "Verdict at trial of French teacher's beheading shows continuum between words and murder" (en) (2024-12-21). Dáta rochtana: 2025-01-07.