Dún Gall

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Dún Gall
Íomhá
Sonraí
CineálCaisleán
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Lú, Éire
Map
 54°02′47″N 6°29′18″W / 54.04646°N 6.488317°W / 54.04646; -6.488317
Íomhánna den caisleán

Is caisleán Normannach é Dún Gall[1] (Béarla: Castle Roche) atá suite timpeall ar 10 km (7 míle) siar ó thuaidh ó Dhún Dealgan, Contae Lú, Éire. Ba é suíomh an teaghlaigh de Verdun (a litrítear freisin de Verdon), a thóg an caisleán sa bhliain 1236 AD.[2]

Tá sé tógtha ar lomán mór creagach agus tá radharcanna fairsinge ar an tír mórthimpeall air. In éineacht le móta domhain, rinne na ballaí láidre é beagnach do-ghafa.

Bhí suíomh straitéiseach ag an chaisleán ar an teorainn idir Cúige Uladh (a bhí go hiomlán Gaelach ag an am), agus an chríoch Angla-Normannach ar a dtugtar An Pháil, agus shocraigh sé an bealach isteach go dtí an áit ina bhfuil Ard Mhacha Theas anois. Bhí an suíomh ag teaghlach de Verdun le blianta fada. Bhí Nicholas de Verdun (a fuair bás i 1316), deartháir níos óige le Theobald II de Verdun, i gceannas le linn Ionradh Bruce ag Éadbhard Brús, deartháir Raibeart I na hAlban. Bhí slua de fhórsaí Sasanacha na hÉireann lonnaithe anseo i 1561, ach rinneadh scrios ar an gcaisleán faoi dheireadh sa bhliain 1641, le linn choncas Chromail ar Éirinn.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]