Dómhnall Ó Néill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDómhnall Ó Néill
Beathaisnéis
Breith1612
An Caisleán Riabhach Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1664
51/52 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Ball Parlaiminte i bParlaimint Shasana
Member of the 1661-79 Parliament (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Gairm mhíleata
Céim mhíleatacoirnéal Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtCogadh Cathartha Shasana
Teaghlach
CéileKatherine Stanhope Cuir in eagar ar Wikidata
AthairConn O'Neill (en) Aistrigh  agus Alice O'Neill (en) Aistrigh

Oifigeach, polaiteoir, cúirteoir agus ardmháistir poist Éireannach ab ea Dómhnall Ó Néill (Béarla: Daniel O'Neill; c. 1612 i gCaisleán Riabhach– 24 Deireadh Fómhair 1664 i Whitehall). Ba chuid de Ríshliocht Uí Néill Uladh é, nia d'Eoghan Rua Ó Néill agus garnia d'Aodh Ó Néill, Iarla Thír Eoghain.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Domhnall an mac ba shine le Con Mac Néill Ó Néill, Tiarna Chlann Aodha Buidhe Uachtarach agus a bhean, Eilis (neacht athartha Aodha Uí Néill, dara h-Iarla Thíre Eoghain ). [1] Níl an dáta, agus fiú bliain a bhreithe anaithnid. Tá inscríbhinn ar shéadchomhartha ar a thuama, a chuir a leasmhac in airde adeir; "D’éag sé AD 1663 agus é 60 bliain d’aois”, rud a thugann le tuiscint gur rugadh é sa bhliain 1602 nó 1603. Tugann an staraí Donal F. Cregan le fios nach féidir brath ar an inscríbhinn, mar go liostaíonn sé an bhliain mícheart dá bhás. Chuir paimfléad ó Chéad Chogadh Cathartha Shasana síos air mar dhuine a bhí thart ar 30 bliain d’aois i 1642, agus i 1616 cuireadh síos ar dhuine dá dheartháireacha níos óige mar dhuine a bhí thart ar cheathar nó a chúig, rud a thugann le tuiscint gur rugadh é idir 1602 agus 1612. [2] Liostaíonn a iontráil san Oxford Dictionary of National Biography bliain a bhreithe mar c. 1612 [1] San iomlán, bhí triúr deirfiúracha níos óige ag Ó Néill: beirt deartháireacha; Aodh Buidhe is Con Óg, agus deirfiúr amháin; Caitríona. [2]

Chaill a athair talamh tar éis dó a bheith buailte ag Léigear Chionn tSáile, rud a d'fhág Ó Néill chun eastát beag a fháil mar oidhreacht ag aois óg i 1619 . Rinneadh coimircí Seansaireachta de ansin agus tógadh i Sasana é mar Anglacánach . Tugadh a eastát ina dhiaidh sin don 1ú Bíocunta Montgomery agus bronnadh blianacht ar Ó Néill agus a dheartháir. [1]

Seirbhís airm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dar le Clarendon, bhí blianta fada caite ag Ó Néill idir an chúirt agus na hÍsealchríocha, "the winter season in one and the summer always in the army in the other; as good an education towards advancement in the world as that age knew" . [3] Deir Lee go raibh sé ina óglach faoi Sir Horace Vere ag troid leis na Spáinnigh sna hIsealchríocha, roimh 1635, [4] agus b’fhéidir go raibh sé faoi cheannas díreach nia Vere , an Tiarna Edward Conway . [1] Bhí a uncail Eoghan Rua Ó Néill ag troid ansin ar son na Spáinneach agus éilíonn D'Alton gur choinnigh Dómhnall ar an eolas é faoi chúrsaí sa bhaile. [5]

Sa bhliain 1635 rinne an Tiarna Conway achainí ar an Ard-Easpag Laud chun cabhair a fháil chun cóir chothrom a fháil do Ó Néill ó Montgomery agus Hamilton . [6] Scríobh Laud roinnt uaireanta chuig Thomas Wentworth (Iarla Strafford ina dhiaidh sin), a bhí ina Thiarna ar Éirinn . Gheall Wentworth go ndéanfadh sé a dhícheall agus d'iarr sé ar ghníomhairí Montgomery agus Hamilton caitheamh go measúil leis. [7] Ba bheag an seans go ndéanfaí athchóiriú ar thailte a athar, ach bhí cás láidir ann go n-íocfadh Montgomery agus Hamilton cíos cothrom ar an talamh a fuair Dómhnall (agus a dheartháir) le hoidhreacht. D’fhéadfaí a mhaíomh go raibh an rath ag brath ar dhea-thoil Montgomery agus Hamilton. Ní raibh Dómhnall beo bocht, ach is dócha gur chuir a sciar den £160 a fuarthas i gcíosanna [6] cosc ar Dhómhnall dul ar aghaidh sa tsochaí. Rinne an Prionsa an Séarlas, an toghthóir Palaitíneach, achainí ar Wentworth freisin agus gheall sé go ndéanfadh sé "... endeavour cheerfully to procure Mr Oneale [sic] contentment ..." [8] Is dócha gur chabhraigh Wentworth le gairm Dhómhnaill a chur chun cinn, ach ní a shaibhreas. Tar éis samhradh is dócha ag troid sna hÍsealchríocha, [4] ghlac Dómhnall an mionn dílseachta don rí [9] agus deonaíodh pas dó “ to go beyond the seas" le beirt seirbhíseach i mí na Nollag 1636.. [10] Throid sé ag (ceathrú) Léigear Bhreda sa bhliain 1637 áit a bhfuair sé créacht leise [11] [4] agus b'éigean dó filleadh ar Shasana le teacht chuice féin. [12]

Níor cuireadh stop lena achainí agus is dócha go raibh a pléadálacha éirithe in núis don rí (a Mhórgacht, Séarlas 1 Shasana ), rud a d’fhág gur thug Wentworth achasán dó. [13] Sa bhliain 1638 scríobh Wentworth chuig a Mhórgacht ag cur síos ar Ó Néill mar a "vey slight and busy person" a bhí an-eolach ar Theach Arundel Thomais Howard agus ag brath (ar blianacht £400 [12] ) ón Iarla Aontroma, Raghnall Mac Domhnaill. Chuir sé sliocht as litir ó Uí Néill chuig an gCaptaen Byron faoi iamh agus dheimhnigh sé don Rí go ndéanfadh sé "so colour the matter, as to take away all thought of ... going to Carlisle".. De réir tráchtaireacht Fitpatrick bhí sé seo chun rabhadh a thabhairt don Rí gan troid i gcoinne Chúnantóirí na hAlban a bhí freagrach as Cogaí na nEaspag a thosú sa bhliain 1639. [14] Bhí Ó Néill ina chaptaen ar shluagh each, "to which he was by all men held very equal, having had good experience in the most active armies of that time, and a courage very notorious".. [3] na n Chreid Séarlas 1 i gceart diaga ríthe agus cheap sé go bhféadfadh sé arm a thógáil agus bua a fháil i gcoinne na gCúnantóirí gan tacaíocht na Parlaiminte. Le fírinne,tháinig deireadh leis an gcogadh níos déanaí sa bhliain le sos cogaidh agus cúlú ó Bhearaig . Chuaigh Ó Néill go Breda le litreacha do Bhanríon na Boihéime. [12] Bhí sé in Éirinn faoi Aibreán 1640, áit ar deineadh saorfhear de bhuirg Bhéal Feirste de. [15] Tar éis iarratas ag Breda ón Ridire John Conyers ar an Tiarna Conway, [16] tugadh ardú céime do Ó Néill go maor laistigh de reisimint Conyer áit ar throid sé sa dara Cogadh na nEaspag. Ag Cath Newburn ar 28 Lúnasa 1640, d'ordaigh Wentworth (Iarla Strafford anois) cosc a chur ar arm Leslie an abhainn a thrasnú, in ainneoin go raibh fórsa Leslie ba líonmhaire, níos airde ná 4 go 1. Bhí Ó Néill i gceannas ruathar marcshlua, áit ar gabhadh ina dhiaidh sin é mar aon le mac

an Tiarna Wilmot, Sir John Digby agus go leor eile. [17] Chúlaigh trúpaí an Tiarna Conway go Durham faoi chlúdach an dorchadais. Chaith Leslie go maith lena phríosúnaigh agus scaoileadh saor iad ag Conradh Rippon i mí Dheireadh Fómhair 1640. [4] Faoi Aibreán 1641, bhí Ó Néill ar ais i reisimint Conyer, [18] nuair a thug sé a chás in aghaidh Montgomery agus Hamilton go Teach na dTiarnaí . [19] Diúltaíodh an t-achomharc toisc nár thug Ó Néill go dtí na cúirteanna íochtaracha ar dtús é. [20]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Casway 2008.
  2. 2.0 2.1 Cregan 1963.
  3. 3.0 3.1 Clarendon (1826). "The History Of The Rebellion And Civil Wars In England Vol. 5": 98.  Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name ":0" defined multiple times with different content
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 Stephen (1909). "Dictionary of national biography: O'Neill, Daniel" 14: 1075–1078. London: Smith, Elder.  Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name ":1" defined multiple times with different content
  5. D'Alton (1910). "History of Ireland from the earliest times to the present day (1649 - 1782)" 4: 260. London : the Gresham publishing co.. 
  6. 6.0 6.1 Laud (1860). "The Works of the Most Reverend Father in God, William Laud, D.D. Sometime Lord Archbishop of Canterbury" (in en): 122, 226. John Henry Parker. 
  7. Strafford (1739). "The Earl of Strafforde's Letters and Dispatches: With an Essay Towards His Life" (in en) 1: 518. London: William Boyer. 
  8. Strafford (1739). "The Earl of Strafforde's Letters and Dispatches: With an Essay Towards His Life" (in en) 1: 521. London: William Bowyer. 
  9. Bruce (1867). "Calendar of State Papers: Preserved in the State Paper Department of Her Majesty's Public Record Office. 1636 - 1637" (in en): 230. H.M. Stationery Office. 
  10. "Privy Council Registers, Charles 1: Pass for Daniel O'Neille and 2 servants to go beyond the seas." (18 December 1636) 13: 26. 
  11. Hexham (1637). "A true and briefe relation of the famous seige of Breda". Delft: James Moxon. 
  12. 12.0 12.1 12.2 O'Neill, Daniel | Dictionary of Irish Biography” (en). www.dib.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 October 2022. Dáta rochtana: 2023-05-06. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name ":2" defined multiple times with different content
  13. Strafford (1739). "The Earl of Strafforde's Letters and Dispatches: With an Essay Towards His Life" (in en) 2: 82, 90. London: William Bowyer. 
  14. Fitzpatrick (1989). "Seventeenth-century Ireland: The War of Religions" (in en): 90. Rowman & Littlefield. ISBN 978-0-389-20814-3. 
  15. Young (1895). "O'Neale's escape out of the Tower of London". Ulster Journal of Archaeology 1: 70–74. 
  16. Hamilton (1877). "Calendar of State Papers, Domestic Series, of the Reign of Charles I 1639 - 1640" (in English): 422. Her Majesty's Stationery Office. 
  17. Baillie (1841). "The Letters and Journals of Robert Baillie, 1637-1662" (in en) 1: 257. Edinburgh: Bannatyne Club. 
  18. Hamilton (1882). "Calendar of State Papers, Domestic Series, of the Reign of Charles I 1640 - 1641" (in English): 529. London: Her Majesty's Stationery Office. 
  19. "House of Lords, Journal Office: Main Papers (Parchments)" (in English) (30 April 1641). The National Archives. 
  20. "Journal of the House of Lords (1629 - 1642)" (1767) 4: 331–333. London: Her Majesty's Stationery Office.– tríd British History Online