Díospóid ainmniú an Mhacadóin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Mhacadóin Thuaidh, an Mhacadóin Ghréagach agus (an líne dhearg) an Mhacadóin chlasaceach

Tá úsáid an t-ainm "an Mhacadóin" faoi dhíospóid idir dhá thír in oirdheiscirt na hEorpa, mar atá, an Ghréig agus an Mhacadóin, stát tráth laistigh den an Iúgslaiv. "An Mhacadóin" a tugadh ar an tír nuair a bhí ina stát feidearálach taobh istigh den Iúgslaiv, go hoifigiúil Poblacht Shóisialach na Macadóine. Baintear úsáid as "an Mhacadóin" freisin sa Ghréig mar ainm réigiúin i dtuaisceart na tíre ar theorainn theas na Macadóine (iar)-Iúgslaive. Bhí eagla ar na Gréagaigh go mbeadh éileamh acu ar Mhacadóin na Gréige.

Ar 12 Meitheamh 2018, rinne Alexis Tsipras, príomh-aire na Gréige, agus a chomhghleacaí Macadónach, Zoran Zaev, socrú eatarthu gur "Poblacht na Macadóine Thuaidh" a bheadh ar an tír.[1] Tógadh reifreann i bPoblacht na Macadóine ar an 30 Meán Fómhair 2018. Vótáil móramh mór ar son athrú ainm na tíre, rud a bhí ceangailte le neartú agus cinntiú a ballraíocht san Aontas Eorpach agus ECAT. Níor ghlac ach 37% de na vótálaithe páirt sa toghchán áfach.[2] Ar an 12 Feabhra 2019, i ndiaidh don dá thaobh an socrú a dhaingniú, cuireadh i bhfeidhm é.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]