Díobhadh (réalteolaíocht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa réalteolaíocht, is é is ciall le díobhadh ná an dóigh a scaipeann agus a n-ionsúnn an damhna idir an réad réalteolaíoch agus an breathnóir an solas, nó pé radaíocht eile, a thagann ón réad. Ba é an réalteolaí Robert Julius Trumpler ba luaithe a thug cur síos ceart ar an díobhadh agus ar a chúiseanna, sa bhliain 1930, ach d'aithin Friedrich Georg Wilhelm von Struve iarmhairt an díofa chomh fada siar le 1847. B'iomaí duine a thug an díobhadh faoi deara roimhe sin féin, ach níor thuig siad an bhaint atá aige leis an damhna idir-réaltach, le dusta Bhealach na Bó Finne mar shampla. Má tá an réalta suite i gcóngar do phlána ár réaltra, agus í suite roinnt mhílte de pharsoiceanna ón Domhan, is féidir a ghlacadh leis go n-athróidh méid dhealraitheach na réalta timpeall is 1.8 aonad méide in aghaidh míle parsoic, de thoradh an díofa (tá an luach seo bunaithe ar radaíocht an V-bhanna, is é sin an banna micreathonnta idir 50 agus 75 GHz).

Más ag tagairt do bhreathnóirí ar dhroim an domhain atáimid, is léir gurb é an t-atmaisféar is cúis le cuid mhór den díobhadh a aithníonn siad, sa bhreis ar an meán idir-réaltach. Thairis sin cuireann an dusta timpeall ar an réad féin leis an díobhadh. Sciath láidir chosanta é an t-atmaisféar ar chineálacha áirithe radaíochta ar nós na n-x-ghathanna, an tsolais ultraivialait agus an tsolais infridheirg, agus leis an díobhadh seo a sheachaint tá sé riachtanach na réadlanna a chur ag timpeallú an Domhain le taighde ceart a dhéanamh ar an raon seo den speictream leictreamaighnéadach.

Ní hionann tionchar an díofa ar gach cineál solais, agus de ghnáth, fágann sé na réaltaí níos deirge ná a bheidís dá bhféadfá dul ina n-aice. Tugtar deargadh idir-réaltach ar an deargadh seo. Ní mór cuimhne a choinneáil air nach bhful baint dá laghad ag an deargadh idir-réaltach leis an deargaistriú.