Jump to content

Dífhibrileoir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Dífhibrilitheoir)
Cuir dhá leictreoid a chur ar dhá thaobh an chliabhraigh chun an turraing a sheoladh.

Úsáidtear dífhibrileoirí le tabhairt faoi stad tobann cairdiach.[1] D’fhéadfadh duine bás a fháil muna dtabharfaí an chóireáil cheart dó/di taobh istigh de chúpla nóiméad. Seolann dífhibrileoir turraing thomhaiste leictreach tríd an gcliabhrach is an croí chun rithim mhínormálta a réiteach.

Is éard atá in uath-dhífhibrileoir seachtrach (Automated External Defibrilator nó AED) ná gléas iniompartha a dhéanann an croí a sheiceáil.

Tá líon suntasach fianaise ann a thugann le fios go bhfuil tionchar mór ag dífhibrileoirí, nuair atá siad ar fáil go luath le linn stadanna tobanna cairdiacha, ar rátaí maireachtála.[1]

Thaispeáin an máinlia Claude Beck (1894-1971) i 1947 gur féidir an feidhmiú marfach croí a leigheas ach turraing thomhaiste leictreach a sheoladh tríd an gcroí luath go leor i ndiaidh tosú an fhibrilithe.

Ba i mBéal Feirste a rinne Frank Pantridge (1916-2004) is a chomhghleacaí John Geddes dífhibrileoir a chur in otharcharr i 1966, rud a shábháil an-chuid daoine. Ina dhiaidh sin thóg siad dífhibrileoir iniompartha.

Fadhb é stad tobann cairdiach ina stopann an croí ag bualadh go tobann, gan aon súil leis. Toradh ar ghalar na n-artairí corónacha a bhíonn sa bhfibriliú de ghnáth. Nuair a tharlaíonn fibriliú i gcás na méadailíní—fibriliú méadailíneach —ní dhéanann an croí an fhuil a chaidéalú i gceart tríd an gcolainn, ní bhfaigheann an inchinn dóthain ocsaigine, agus faigheann duine bás go tobann. Is ar an mbealach seo a fhaigheann 75% de na daoine bás ar bás tobann cairdiach é.

In ainneoin na bhforbairtí móra maidir le dífhibrileoirí, is é an tubaiste nach sábháiltear ach céatadán an-bheag de na daoine a mbuaileann fibriliú méadailíneach iad, de bhrí go sroicheann an dífhibrileoir an t-othar ródhéanach. Is ar an ábhar seo a bhíonn dífhibrileoirí ar fáil in an-chuid ionaid oibre, srl. anois.

Tá ‘galar cardashoithíoch’ ar an ngalar is mó a mharaíonn daoine in Éirinn le isteach is amach ar 10,000 bás in aghaidh na bliana dá bharr. Stad tobann cairdiach is cúis le 6,000 acu sin agus tarlaíonn 70% acu taobh amuigh d’ospidéil.[2][1]

Achar an-ghearr ama a bhíonn ag duine ón uair a stadann an croí go dtí go bhfaigheann an duine bás; deich nóiméad atá ann ón onset go dtí go bhfaigheann an duine bás. Ach in Éirinn, tógann sé - ar an meán - 28 nóiméad ar otharcharr teacht amach go dtí duine atá i dtrioblóid.[3]

Sa bhliain 2024, fuair an Cumann Camógaíochta Chois Fharraige an chéad dífhibrileoir Gaeilge riamh. D’fhorbair an comhlacht Gaeltachta Smart Medical, atá lonnaithe ar an Spidéal, é. Níl rogha ann idir guth Gaeilge nó Béarla mar chuirfeadh sé moill ar an úsáideoir teanga a roghnú. Ach tá na híomhánna chomh soiléir sin go bhféadfadh duine ar bith é a úsáid gan stró.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 CLG / gaa.ie/. "TREOIRLÍNTE MAIDIR LE DÍFFHIBRILEOIRÍ / Coiste Leighis, Eolaíochta agus Leasa CLG". Dáta rochtana: 2023.
  2. Hussey, Matt (2011). "Dífhibrilitheoir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 211.
  3. 3.0 3.1 Maitiú Ó Coimín (29 Deireadh Fómhair 2024). "An chéad dífhibrileoir Gaeilge ar domhan le bronnadh ar chumann camógaíochta Gaeltachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-05.