Jump to content

Dífhibrileoir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cuir dhá leictreoid a chur ar dhá thaobh an chliabhraigh chun an turraing a sheoladh.

Úsáidtear dífhibrileoirí le tabhairt faoi stad tobann cairdiach.[1] D’fhéadfadh duine bás a fháil muna dtabharfaí an chóireáil cheart dó/di taobh istigh de chúpla nóiméad. Seolann dífhibrileoir turraing thomhaiste leictreach tríd an gcliabhrach is an croí chun rithim mhínormálta a réiteach.

Is éard atá in uath-dhífhibrileoir seachtrach (Automated External Defibrilator nó AED) ná gléas iniompartha a dhéanann an croí a sheiceáil.

Tá líon suntasach fianaise ann a thugann le fios go bhfuil tionchar mór ag dífhibrileoirí, nuair atá siad ar fáil go luath le linn stadanna tobanna cairdiacha, ar rátaí maireachtála.[1]

Thaispeáin an máinlia Claude Beck (1894-1971) i 1947 gur féidir an feidhmiú marfach croí a leigheas ach turraing thomhaiste leictreach a sheoladh tríd an gcroí luath go leor i ndiaidh tosú an fhibrilithe.

Ba i mBéal Feirste a rinne Frank Pantridge (1916-2004) is a chomhghleacaí John Geddes dífhibrileoir a chur in otharcharr i 1966, rud a shábháil an-chuid daoine. Ina dhiaidh sin thóg siad dífhibrileoir iniompartha.

Fadhb é stad tobann cairdiach ina stopann an croí ag bualadh go tobann, gan aon súil leis. Toradh ar ghalar na n-artairí corónacha a bhíonn sa bhfibriliú de ghnáth. Nuair a tharlaíonn fibriliú i gcás na méadailíní—fibriliú méadailíneach —ní dhéanann an croí an fhuil a chaidéalú i gceart tríd an gcolainn, ní bhfaigheann an inchinn dóthain ocsaigine, agus faigheann duine bás go tobann. Is ar an mbealach seo a fhaigheann 75% de na daoine bás ar bás tobann cairdiach é.

In ainneoin na bhforbairtí móra maidir le dífhibrileoirí, is é an tubaiste nach sábháiltear ach céatadán an-bheag de na daoine a mbuaileann fibriliú méadailíneach iad, de bhrí go sroicheann an dífhibrileoir an t-othar ródhéanach. Is ar an ábhar seo a bhíonn dífhibrileoirí ar fáil in an-chuid ionaid oibre, srl. anois.

Tá ‘galar cardashoithíoch’ ar an ngalar is mó a mharaíonn daoine in Éirinn le isteach is amach ar 10,000 bás in aghaidh na bliana dá bharr. Stad tobann cairdiach is cúis le 6,000 acu sin agus tarlaíonn 70% acu taobh amuigh d’ospidéil.[2][1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 CLG / gaa.ie/. "TREOIRLÍNTE MAIDIR LE DÍFFHIBRILEOIRÍ / Coiste Leighis, Eolaíochta agus Leasa CLG". Dáta rochtana: 2023.
  2. Hussey, Matt (2011). "Dífhibrilitheoir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 211.