Otharcharr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Otharcharr san Iodáil

Baintear feidhm as otharcharr chun daoine tinne, daoine gortaithe agus mná seoil a thabhairt chuig ospidéal. Bíonn slí ann do lucht leighis agus fearas chun cuidiú leis an othar. Má tá an t-othar go dona leagtar ar shínteán é. Uaireanta leagtar an t-othar ar charbad (leaba a bhfuil rothaí fúithi) lena iompar idir an t-otharcharr agus áit eile.

Cuireann an t-othar é féin in iúl le soilse gorma agus le bonnán, go háirithe ar uair na práinne, agus bíonn sainchomharthaí agus dathanna speisialta uirthi. Glactar leis, má fheiceann tiománaithe otharcharr chucu, go gcaithfidh siad an bealach a fhágáil.

Ingearán atá ag feidhmiú mar otharcharr san Ostair

Is minic a bhaintear feidhm as ingearán más deacair an t-othar a thabhairt chuig ospidéal ar aon dóigh eile, agus bíonn ingearáin faoi leith ann chuige. Is féidir leo teacht anuas ar dhíon ospidéil.