Déocsaíní

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Struchtúr ginearálta na ndéocsaíní

Ábhair truaillithe chomhshaoil a tháirgtear i mionrianta i bpróisis áirithe tionsclaíochta is dóite, mar shampla, i ndéanamh páipéir is gluaisteán agus dó bruscair. Bíonn siad i mionrianta i luibhicídí áirithe freisin. Is fadsaolach iad de bhrí go meathann siad go mall sa chomhshaol, agus mar sin is scáfar an truailliú sa chomhshaol iad. Bíonn rian díobh sa bhfíochán sailleach i mbeagnach gach éinne, agus tá sé cruthaithe go bhfeidhmíonn siad in ainmhithe is daoine ar shlí atá cosúil le hormóin stéaróideacha. Mar sin, má bhíonn siad iomarcach sna fíocháin, féadfaidh siad tús a chur le hailsí, míchumaí beirthe, dochar don chóras imdhíonach, agus raon leathan galar eile. Le linn an chogaidh i Vítneam (1963-1975) spréigh arm Mheiriceá luibhicíd darb ainm oibreán flannbhuí thar níos mó ná 1,000 km2 chun na duilleoga a bhaint de na crainn thrópaiceacha. Tháinig an déocsaín i dteagmháil go tiubh leis na mílte saighdiúir ar an dá thaobh, rud a chuir gríos ar a gcraiceann, agus ceaptar gur tharla deacrachtaí éagsúla beirthe ina bpáistí ina dhiaidh sin. Na hábhair chéanna a bhí ciontach sa truailliú míchlúiteach thart ar chathair Seveso san Iodáil i 1976, agus sa tubaiste i mBópal na hIndia i 1984. I 1999 fuarthas go raibh níos mó ná míle oiread an mhéid ceadaithe déocsaine i saill i gcomhair bia d'ainmhithe, agus aistarraingíodh bia-earraí feola ar fud na hEorpa. Tharla eachtra den chineál céanna in Éirinn i 2008, agus bhí ar na húdaráis aistarraingt thubaisteach a dhéanamh ar mhuiceoil Éireannach ar fud an Domhain.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Déocsaíní". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 207.