Dé-eildrin
Is feithidicíd í an dé-eildrin ar comhdhúil orgánach de chuid an chlóirín í, cosúil leis an DDT. Tháinig sí an chéad uair in úsáid sna 1940idí, agus bhítí an-dóchasach aisti ar dtús, ó chreidtí go bhféadfaí an DDT a chaitheamh i dtraipisí agus feithidicíd ab fhearr ná í ar fáil. Faraor bhí an locht céanna ar an dé-eildrin agus a bhí ar an DDT, nó déanann an dá chomhdhúil carnadh sa bhiashlabhra. Thairis sin, tá sí níos contúirtí don duine ná an DDT féin. Mar sin, d'éirigh an chuid ba mhó de thíortha an domhain as an dé-eildrin a úsáid.
Creidtear go bhfuil baint ag an dé-eildrin le galar Parkinson agus ailse na gcíoch, agus í ag déanamh dochair do chóras imdhíonachta, córas atáirgthe agus néarchóras an duine. Le fírinne tá sé cruthaithe go bhfuil sí níos docharaí do na daoine agus do na mamaigh eile ná do na feithidí féin.
Tá gaol dlúth ag an dé-eildrin leis an eindrin, feithidicíd eile den chineál chéanna, agus í ag déanamh damáiste d'orgánach an duine cosúil leis an dé-eildrin. Steiré-isiméirí iad an dé-eildrin agus an eindrin, is é sin níl de dhifríocht eatarthu ach struchtúr tríthoiseach na móilín.