Eindrin
Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 377.870630956 Da |
Ról | developmental toxicant (en) |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | C₁₂H₈Cl₆O |
SMILES canónta | Model 2D C1C2C3C(C1C4C2O4)C5(C(=C(C3(C5(Cl)Cl)Cl)Cl)Cl)Cl |
SMILES isiméireach | C1[C@@H]2[C@@H]3[C@H]([C@H]1[C@H]4[C@@H]2O4)[C@@]5(C(=C([C@]3(C5(Cl)Cl)Cl)Cl)Cl)Cl |
InChI | Model 3D |
Airí | |
Dlús | 1.7 g/cm³ (a 20 °C) |
Pointe dianscaoilte | 200 °C |
Guais | |
Meánteorainn nochta ualaithe ama | 0.1 mg/m³ (10 h, Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte | 2 mg/m³ |
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () |
Is éard atá i gceist leis an eindrin nó (1R,4S,5R,8S)-1,2,3,4,10,10-heicseaclóra-6,7-eapocsa-1,4,4a,5,6,7,8,8a-ochtaihidri-1,4:5,8-dhémheatana-naftailéin ná ceimiceán tocsaineach a d'úsáidtí mar fheithidicíd - is é sin, mar nimh le feithidí a mharú - agus mar nimh in aghaidh na n-iasc (éiscicíd) agus na gcreimirí (creimiricíd). Ba iad ceimiceoirí na mórghnólachtaí úd Shell agus Velsicol Chemical a tháirg na chéad eiseamail eindrin thiar sa bhliain 1950. Ba ghnách eindrin a dhíol mar thuaslagán ineiblithe ar a dtugtaí Endrex. Sa deireadh thiar áfach fuarthas amach gur dual don eindrin carnadh a dhéanamh sa bhiashlabhra agus san orgánach daonna féin, cosúil leis an DDT, agus dá réir sin tá cosc curtha ar úsáid na nimhe seo ina lán tíortha.
Is stéiré-isiméir de chuid na dé-eildrine í an eindrin, is é sin níl de dhifríocht idir an dá chomhdhúil seo ach an struchtúr tríthoiseach. An fhoirmle struchtúrtha dhéthoiseach a tharraingeofá, abair, ar an bpáipéar, is ionann í don dá cheann acu.