Cuán mara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCuán mara
Echinoidea Cuir in eagar ar Wikidata
Tripneustes ventricosus (West Indian Sea Egg-top) and Echinometra viridis (Reef Urchin - bottom).jpg
Tripneustes ventricosus Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
ForíochtBilateria
FíleamEchinodermata
RangEchinoidea Cuir in eagar ar Wikidata
Leske, 1778

Is Echinoidea é cuán mara, inveirteabrach muirí cruinneogach cuasach, de ghnáth. An cholainn déanta as plátaí cnámharlaigh, siúnta le chéile, ag iompar spíonta inghluaiste. An t-anas ar an dromchla uachtarach de ghnáth, agus an béal ar an dromchla íochtarach. Tugtar laindéar Arastatail ar an ngaireas casta giall. Beathaíonn sí trí chartadh, iníor nó ionghabháil dríodair. Timpeall 950 speiceas beo ann, agus timpeall 5,000 speiceas iontaisithe. Sliogiasc coitianta ar chósta na hÉireann. Tá cineál amháin ann a bhfuil cruth liathróide air agus é clúdaithe le deilgíní corcra. An-tóir ag Seapánaigh is Francaigh ar an gceann seo mar bhia: na heochraí milse a itear. Tá eolaithe in Éirinn ag déanamh dianstaidéir air agus é mar aidhm acu iad a chur ag síolrú is ag fás sa ghorlann.