Jump to content

Crómaitin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Crómaitin

Is é crómaitin[1] an coimpléasc a dhéanann cuingriú an ábhair ghéinitigh (an DNA) le cuid mhaith próitéiní taobh istigh de núicléas na cille. Ról aici ag cabhrú i ndlúthú an DNA chun go n-oiriúnóidh sé sin isteach sa núicléas, agus ag rialú feidhmeanna na ngéinte. Glacann an crómaitin ruaim, agus mar sin is féidir a dhéanamh feiceálach faoin micreascóp le linn próiseas na cilldeighilte. Bíonn sé eagraithe ina choirp scartha (na crómasóim). Tugtar heitreacrómaitiní ar na codanna de gach crómasóm a ruaimnítear an-dorcha, agus eocrómaitiní ar na codanna nach ruaimnítear ach go héadrom.[2]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): crómaitin” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-09-08.
  2. Hussey, Matt (2011). "Crómaitin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 185.