Crua-earraí ríomhaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Crua-earraí)
Infotaula equipament informàticCrua-earraí ríomhaire

Cuir in eagar ar Wikidata

Is é an fearas fisiceach as a ndéantar córas ríomhaireachta crua-earraí ríomhaire.

I gcodarsnacht leis sin, is é bogearraí an tacar treoracha is féidir le crua-earraí a stóráil agus a rith. Tugtar crua-earraí mar sin toisc go bhfuil sé “crua” nó docht maidir le hathruithe, ach tá bogearraí “bog” toisc go bhfuil sé furasta iad a athrú.

De ghnáth, treoraíonn na bogearraí crua-earraí chun aon ordú nó treoir a fhorghníomhú. Is éard atá i meascán de chrua-earraí agus bogearraí córas ríomhaireachta inúsáidte, cé go bhfuil córais eile ann nach bhfuil ach crua-earraí ann.

Déanann crua-earraí ríomhaire ceann de thrí thasc; próiseáil, ionchur, agus aschur.

Innealra an ríomhaire pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é atá ann i ríomhaire pearsanta tipiciúil ná cás nó fráma i gcruth deisce nó túir agus na páirteanna seo a leanas:

Máthairchlár tipiciúil le fáil i ríomhaire
  • Máthairchlár nó clár córais le sliotáin do chártaí forlíontacha agus páirteanna coinneála ina measc:
    • Láraonad próiseála (LAP nó CPU an giorrúchán as Béarla)
    • Cuimhne randamrochtana (RAM) - le haghaidh rith ríomhchlár agus stóráil sonraí gearrthréimhseach, chun rochtain ar an diosca crua, a bhíonn níos moille, a sheachaint. Is féidir le níos mó RAM an ríomhaire pearsanta a dhéanamh níos tapúla. Bíonn an RAM inbhainte i gcoitinne ó shliotáin ar an máthairchlár.
    • Bunchóras ionchurtha/aschurtha (BIOS) nó Comhéadan Dochtearraí Inbhreisithe (EFI) i gcórais níos nua-aimseartha
    • Busanna :
      • Idirnasc Comhpháirteanna Forimeallach nó PCI
      • PCI Express nó PCI-E
      • Bus Uilíoch Srathach nó USB
      • HyperTransport
      • Comheadán Coitianta Córas nó CSI (á tuar i 2008)
      • Port Grafaice Luathaithe nó AGP (á tharraingt siar de réir a chéile)
      • Ailtireacht Thionscalchaighdeánach nó ISA (as dáta)
      • Ailtireacht Bhreisithe Thionscalchaighdeánach nó EISA (as dáta)
  • Soláthar cumhachta - cás ina bhfuil claochladán, rialú voltais, agus (de ghnáth) gaothrán fuaraithe
  • Rialaitheoirí stórais IDE, SATA, SCSI nó saghas éigin eile, a rialaíonn diosca crua, diosca bog, CD-ROM agus tiomántáin eile; suíonn na rialaitheoirí go díreach ar an máthairchlár nó ar chárta forlíontach
  • Cárta grafaice a thairgíonn aschur don aonad fístaispeána
  • Rialaitheoirí bus ríomhaire (port comhuaineach, port srathach, USB, FireWire) chun an ríomhaire a cheangail le gléasanna seachtracha forimeallacha ar nós printéirí nó scanóirí.
  • Saghas éigin stóras inbhainte do ríomhaire nó scríbhneoir meáin:
    • Dlúthdhiosca - an saghas meáin inbhainte is coitianta, saor ach sobhriste.
      • Tiomántán CD-ROM
      • Scríbhneoir CDanna
    • DVD
      • Tiomántán DVD
      • Scríbhneoir DVDanna
      • Tiomántán DVD-RAM
    • Tiomántán diosca bhoig
    • Tiomántán Zip
    • Tiomántán USB Flash
    • Téipthiomáint - go príomha do chúltaca agus stóras fad-tréimseach.
  • Stóras Inmheánach - coinníonn sonraí istigh sa ríomhaire le húsáid níos déanaí.
    • Diosca crua - le haghaidh stóráil sonraí meán-tréimhseach.
    • Rialaitheoir eagar diosca
  • cárta fuaime - aistríonn comharthaí ón chlár córais go leibhéil voltais analógacha, agus ag a bhfuil teirminéil le plugáil isteach i gcallairí.
  • Líonrú - ceanglaíonn an ríomhaire leis an Idirlíon agus/nó ríomhairí eile.
    • Móideam - le haghaidh nasc diailithe
    • Cárta líonra - le haghaidh nasc idirlín DSL/Cábla, agus/nó ceangail le ríomhairí eile.
  • Aonaid fhorimeallacha eile

Chomh maith le seo, is féidir comhpháirteanna seachtracha an chórais ríomhaireachta a liostáil faoi chrua-earraí. Tá na samplaí seo a leanas caighdeánach nó an-choiteann.

Luch rotha
  • Gléasanna ionchur nó aschur
    • Gléasanna le haghaidh ionchur téacs
    • Gléasanna pointeála
    • Gléasanna le haghaidh cluichí ríomhaire
      • Luamhán stiúrtha
      • Pillín cluiche
      • Rialaitheoir cluiche
    • Gléasanna le haghaidh ionchur íomhá nó físe
      • Scanóir íomhánna
      • Ceamara gréasáin
    • Gléasanna le haghaidh ionchur fuaime
      • Micreafón
  • Gléasanna ionchur nó aschur
    • Gléasanna aschur íomhánna nó físe
      • Printéir - gléas forimeallach a thairgíonn cruachóip. (scairdphrintéir nó printéir léasair)
      • Monatóir a fhaigheann comharthaí agus a thaispeánann iad. (feadán ga-chatóideach - CRT - nó taispeáint leachtchriostail - LCD)
    • Gléasanna le haghaidh aschur fuaime
      • Callairí - gléas a aistríonn comharthaí fuaime analógacha go creathanna aeir le haghaidh fuaim a chruthú.
      • Cluasáin - gléas atá cosúil le gnáth-luamhán gutháin ach a chuirtear ar an gceann chun na lámha a shaorú.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]