Cuimhne randamrochtana
Cuimhne randamrochtana | |
---|---|
Déantóir | Micron Technology Samsung Electronics Kingston Technology Corsair Gaming Mushkin |
Codanna | |
static random-access memory (en) dynamic random-access memory (en) SDR SDRAM DDR SDRAM RDRAM (en) DDR2 SDRAM DDR3 SDRAM DDR4 SDRAM DDR5 SDRAM |
Séard is cuimhne randamrochtana (Random Access Memory - RAM, i mBéarla) ná an príomhstóras a úsáidtear i ríomhaire le haghaidh sonraí a stóráíl faoi na ríomhchláir atá ag rith ag an am sin (téarma eile a úsáidtear dó ná stóras príomhúil nó primary storage i mBéarla nó amanna díreach cuimhne nó memory).
Is féidir cuimhne ríomhaire a shamhlú mar sheicheamh cealla inár féidir beart amháin eolais a stóráil i ngach cill. Tá seoladh ar leith ag gach cill. Spás stórála fíor-scioptha atá inti agus bíonn ceangal díreach aici leis an máthairchlár. Coinnítear eolas inti faoi na cláir atá ag rith ar an ríomhaire faoi láthair ach níl sí buan mar áit stórais - cailltear an méid atá inti nuair a mhúchtar an ríomhaire. Is fiú codarsnacht a dhéanamh idir an chuimhne (stóras príomhúil) agus stóras tánaisteach (stóras maighnéadach, optúil agus soladstaid) a úsáidtear le sonraí a choinneáil go buan).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin ríomhaireacht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |