Crois Mhaoilíona
Appearance
Crois Mhaoilíona | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae Mhaigh Eo | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 24 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1412594 |
Baile i dtuaisceart Chontae Mhaigh Eo is ea Crois Mhaoilíona[1] (Crossmolina as Béarla).
Sníonn Abhainn an Daoil tríd an mbaile, gar do bhruach thuaidh Loch Con. Tá Crois Mhaoilíona suite naoi gciliméadar slí thiar ó Bhéal an Átha, ar bhóthar an N59 ar an mbealach go Baingear.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is dócha gur bhunaigh duine de mhuintir De Barra, a raibh talamh acu sa cheantar, mainistir Chrois Mhaoilíona. I 1306, gabhadh triúr Normannach mar gheall ar ghoid ón ab. Le linn an 15ú aois, ba le muintir De Búrca Crois Mhaoilíona ach i 1526, leag Ó Dónaill as Tír Chonaill caisleán Chrois Mhaoilíona.
Cuireadh deireadh leis an mainistir sna 1530dí, ach b'fhéidir nach raibh sé ag feidhmiú ag an am. Is beag de atá fós ann inniu.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Crois Mhaoilíona/Crossmolina | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |