Croí saorga
Caidéal, fuinnmhithe le batairí, a dhéanann an fhuil a chaidéalú i gceart ar fud na colainne, le teacht i gcabhair ar dhaoine le galar croí ar leith a dtugtar cliseadh cairdiach air, a bhíonn ina thrúig bháis do níos mó daoine sa tír seo is ar fud an domhain thiar ná aon ghalar eile. Modh amháin le duine a shábháil is ea an croí lag a bhaint agus croí sláintiúil a thrasphlandáil ann. Éiríonn leis an obráid seo an chuid is mó den am, ach ní féidir teacht ar dhóthain croíthe sláintiúla. Ar dtús bhí na croíthe saorga mór trom. Bhí sé deacair an fhuil a chosaint ar théachtadh is í i dteagmháil le hábhair shaorga an ghairis, agus an gaireas a chosaint ar dhiúltú ag an gcóras imdhíonach. De réir a chéile tá na gairis ag éirí níos lú éadroime, agus níos cairdiúla don fhuil is an córas imdhíonach. Caidéal chomh beag le hordóg atá in úsáid anois, na batairí taobh amuigh den cholainn, agus sreanga ag rith tríd an gcraiceann chuig an mótar sa chaidéal. Meastar go ligeann sé seo don chroí féin feabhsú cuid mhaith, agus go mbeidh croíthe saorga i ngnáthúsáid go luath.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Croí saorga". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 184.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |