Crith talún Noto, 2024
| |||||
Cineál | crith talún | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | Noto earthquake swarm (en) | ||||
Dáta na bliana | 1 Eanáir 2024 (16:10:22. Am Caighdeánach na Seapáine) 1 Eanáir 2024 (16:10:09. Am Caighdeánach na Seapáine) | ||||
Suíomh | Leithinis Noto, An tSeapáin , Maoracht Ishikawa, An tSeapáin | ||||
Tír | an tSeapáin | ||||
Méadaíocht crith talún (Scála Móimint) | 7.5 | ||||
Scála déine Mercalli | Mercalli scale IX (en) | ||||
Doimhneacht ingearach | 10 km 16 km | ||||
Líon básanna | 504 | ||||
Ar Lá Caille 2024, bhuail crith talún cósta thiar na Seapáine, Crith talún Noto, agus fuair 504 bás (díreach agus indíreach). Sa chathair Ishikawa a bhí eipealár an chreatha talún agus dá bharr scaoileadh comhartha rabhaidh go mb'fhéidir go dtarlódh súnámaí. Rinneadh aslonnú ar na daoine as an gceantar agus chlis ar an gcumhacht in áiteanna. Tar éis na gcreathanna, tharla tine mhór in Wajima.[1]
Toisc go raibh an crith talún 7.5 ar an scála déine sheismeach, cuireadh comhartha rabhaidh faoi shúnámaí amach chomh fada le hOirthear na Rúise. Ach an lá dár gcionn bhaineadar é mar níor dhein an crith talún na tonnta chomh hard is a ceapadh i dtosach.
In aerphort Haneda Tóiceo, bhuail A350 de chuid Japan Airlines (Aerlíne na Seapáine) agus eitleán de chuid na ngardaí cósta i gcoinne a chéile. Bhí na gardaí cósta ag tabhairt earraí go dtí an ceantar a bhí buailte ag an crith talún. Tháinig 379 duine slán as eitleán Aerlíne na Seapáine a chuaigh trí thine ar an rúidbhealach; bhí an t-ádh dearg orthu éalú ach fuair cúigear bás ar eitleán na ngardaí costa.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Conradh na Gaeilge, Londain (2024-01-06). "Nuacht Mhall" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-01-09.
Is síol faoin tSeapáin é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |