Crios idirthrópaiceach inréimneachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Crios idirthrópaiceach inréimneachta

Is é atá i gceist le crios idirthrópaiceach inréimneachta ná an crios neamhleanúnach ísealbhrú timpeall an mheánchiorcail mar a n-imréimníonn na trádghaotha anoir aduaidh is anoir aneas. Éiríonn an t-aer inréimnithe chun brú an aeir a laghdú agus scamaill chomhiompair a chruthú is comhdhlúthú iarmharach trom. Bogann an crios ó thuaidh is ó dheas timpeall 5° domhanleithid leis na séasúir. Níl sé róshoiléir cá bhfuil teorainneacha an chreasa os cionn na farraige, i réigiún na lagar go háirithe.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Crios idirthrópaiceach inréimneachta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 181.