Crómafór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An chuid de mhóilín a thugann dath dó. Bíonn naisc dhúbailte i gceist, cinn chomhchuingrithe go háirithe, sa chuid is mó de na crómafóir i lí-ábhair. Laghdaíonn siad seo fuinneamh na radaíochta ionsúite ionas go n-ionsúnn an chomhdhúil radaíocht infheicthe chomh maith le radaíocht ultraivialait.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Crómafór". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 185.