Jump to content

Cró

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An cró i lionsa cheamara Cannon 50mm f1.8 II

Tugtar cró ar an oscailt, ciorclach de ghnáth, a dtagann an solas isteach i gcóras optúil tríd, mar a tharlaíonn le lionsa ceamara. Go minic bíonn sé inchoigeartaithe maidir lena thrastomhas, trí mheán an tseallspiara, chun déine an tsolais a tharchuirtear tríd a rialú. Tugtar stopchóras an lionsa air seo. Sa chineamatagrafaíocht, is é an oscailt dhronuilleogach sa cheamara ina gcoinnítear gach fráma den scannán fosaithe le linn a nochta, agus sa chás sin tugtar geata an scannáin air.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cró". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 183.